Ionad Nua Cúram Leanaí Oscailte i gCarna

18 Meitheamh, 2012

nóiméad léite

D’oscail an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Ionad Cúram Leanaí Charna go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i gCarna inniu (18 Meitheamh). Rinneadh Ionad Cúram Leanaí Charna a fhorbairt le hinfheistíocht iomlán de €1 milliún, maoinithe ag Pobal agus Údarás na Gaeltachta

Mhol an tAire Stáit an obair a bhí déanta ag Forbairt Chonamara Láir Teo (FCL Teo) leis an ionad a thabhairt chun críche. “Feiceann muid anseo inniu go bhfuil foirgneamh agus áiseanna d’ardchaighdéan in Ionad Cúram Leanaí Charna. Soláthraíonn an tIonad réimse leathan seirbhísí do phobal an cheantair agus cheana féin tá os cionn daichead páiste ag déanamh freastail ar an ionad agus ag úsáid na seirbhísí naíolainne, naíonra agus iar-scoile. Chomh maith le sin, eagraítear grúpaí spraoi agus campaí samhraidh ann. Níl aon dabht go bhfuil ról criticiúil ag an ionad seo i dtaobh soláthar seirbhísí agus áiseanna réamhscolaíochta agus iarscoile Gaeilge.

Dúirt Joan McGarry, Feidhmeannach Forbartha, Cúram Leanaí agus Oideachas na Luath-Óige, Pobal, a chur maoiniú ar fáil don togra faoin Chlár Náisiúnta Infheistíochta sa Chúram Leanaí, “Bhí Pobal agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige sásta tacú le FCL Teo leis an ionad seo a fhorbairt. D’obair foireann Pobal le FCL Teo agus Coiste Cúram Leanaí an Chontae le seirbhísí ardchaighdéan cúram leanaí a fhorbairt agus a chur ar fáil sa cheantar”.

Tá ochtar ag obair in Ionad Cúram Leanaí Charna, atá oscailte le roinnt míonna, agus is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta atá á bhainistiú agus ag soláthar na seirbhíse.

Stiofán Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Tá obair mhór déanta ag FCL Teo ar an togra seo agus tá moladh mór tuilte ag an bhainisteoir, na coistí a bhí páirteach, chomh maith le gach duine a bhí páirteach sa togra ón chéad lá. Is iontach an áis é Ionad Cúram Leanaí Charna do phobal Charna agus an ceantar mórthimpeall. Cinnteoidh na seirbhísí tábhachtacha atá á gcur ar fáil san ionad go mbuanófar an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail sa cheantar seo.”

Ghlac Risteard Mac Donnchadh, Cathaoirleach FCL Teo buíochas le Pobal agus Údarás na Gaeltachta as an maoiniú a chur ar fáil don togra. Ghlac sé buíochas chomh maith le Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Coiste Cúram Leanaí an Chontae agus Cathair na Gaillimhe as ucht comhairle agus treoir a chur ar fáil.