Ráiteas ó Údarás na Gaeltachta maidir le Trident Safety Group

22 Márta, 2012

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag plé le Bernard Walsh, Trident Safety Group ó Samhradh 2010. Chuir an tUasal Walsh bun eolas ar fáil don Údarás maidir le togra a bhí beartaithe aige a bhunú i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhúirne. Chuir Feidhmeannaigh an Údaráis in iúl dó sa phlé a bhí acu leis go raibh siad sásta go dtagann a iarratas isteach faoi chritéir an Údaráis i dtaca le cruthú fostaíochta de. Lorg an tÚdarás tuilleadh eolais chun go dtiocfadh leis meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. Lorg an tÚdarás tuilleadh eolais i Aibreán 2011, i mí Iúil 2011 agus arís i Lúnasa 2011. Níor cuireadh an t-eolas a bhí a lorg ag an Údarás ar fáil.

I ngach cás, déanann an tÚdarás gach togra gnó a mheas ar bhonn aonarach. Caithfidh gach togra chúlra gnó (cuntais iniúcha agus rl), maoiniú agus poitéinseal margaíochta a léiriú, agus a thaispeáint go bhfuil an saineolas bainistíochta agus teicniúil cuí ar fáil chun an tionscal nó an tseirbhís nua a bhunú ar bhonn seasmhach sula ndéanann na Feidhmeannach moladh chuig Bord an Údaráis. Ní raibh an t-eolas sin ar fáil dúinn le gur féidir cás a dhéanamh leis an togra seo a mholadh do Bhord an Údaráis.
Rinne an tÚdarás an t-iarratas seo a láimhseáil ar an bhunús céanna agus dhéantar gach iarratas eile a fhaigheann sé a láimhseáil.