Heron Foods le háis nua a lonnú i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus 30 post nua a chruthú

4 Iúil, 2011

nóiméad léite

D’fhógair Heron Quality Foods Ltd, comhlacht a tháirgeann réimse de tháirgí orgánacha agus saor ó ghlútan inniu (4 Iúil), go bhfuil sé chun áis nua a lonnú i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus go mbeidh 30 post nua le cruthú ann le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Táirgeann an comhlacht réimse d’arán, do bhrioscaí agus do chácaí speisialta do mhargaí na hÉireann, na Ríochta Aontaithe, na hEorpa agus an domhain. Is san áis nua seo i mBéal Átha an Ghaorthaidh anois a bheidh táirgí saor ó ghlútan Heron Foods go léir á dtáirgeadh ag an gcomhlacht nua, Bia Gan Breise Teo.

Ag labhairt dó ag an bhfógairt, d’fháiltigh Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh chinneadh Heron Quality Foods Ltd leathnú go Béal Átha an Ghaorthaidh. “Tá lúcháir orm a bheith ag fógairt an fhiontair nua seo inniu. Tá seasamh maith sa mhargadh ag an chomhlacht seo cheana féin agus tá sé imithe ó neart go neart ó bunaíodh é i 1999. Tá Heron Quality Foods Ltd chun cinn i gcúrsaí nuálaíochta san earnáil soláthar bia orgánach agus saor ó ghlutan. Is í an earnáil bia nideoige ‘saor ó’ (free from) is mó fáis sa tír agus tá an comhlacht seo lárnach san fhorbairt sin. Is cruthúnas ar seo an líon agus an leibhéal custaiméirí atá ag an chomhlacht. Mhol an tAire Údarás na Gaeltachta chomh maith agus an tionchar atá aige i gcruthú fostaíochta i nGaeltacht Chorcaí”. “Is léiriú eile é an tionscadal seo ar an slí a chuidíonn an meantóireacht, an tacaíocht agus an cúnamh a chuireann an tÚdarás ar fáil le fostaíocht inmharthana a ghiniúint i gceantair tuaithe,” a dúirt sé.

Le gairid ghlac Bia Gan Breise seilbh ar Chistí Gúgán Barra Teo a bhí ag feidhmiú san fhoirgneamh céanna i mBéal Átha an Ghaorthaidh, áit a raibh seachtar fostaithe. Ó ghlac siad seilbh ar an ngnó dhá mhí ó shin, tá an fhostaíocht dúbailte ag an gcomhlacht agus tá pleananna aige chun an fhostaíocht a mhéadú go os cionn daichead duine. Tá áis ag Heron Quality Foods Ltd i gCnoc an Bhrúnaigh, Droichead na Bandan, Co. Chorcaí chomh maith áit a dtáirgtear brioscaí nach bhfuil saor ó ghlútan do mhór-bhranda brioscaí mar aon le táirgí úr-bhácáilte agus tá an fhostaíocht ansin méadaithe chomh maith le tamall anuas. I measc a chustaiméirí tá Musgraves, Wholefoods Wholesale, Kelkin, National Organics, Aldi Ireland, ASDA sa Ríocht Aontaithe, Nutrition et Sante san Fhrainc agus Il Fior di Loto san Iodáil.

Dúirt Elizabeth Dawson, atá ina h-úinéir agus ina stiúrthóir i gcuideachta a céile John ar Heron Quality Foods Ltd “Tá muid tar éis fás mór a fheiceáil ar éileamh dár dtáirgí saor ó ghlútan le dhá bhliain anuas. Cuireann an áis nua seo ar ár gcumas freastal ar an éileamh sin agus beidh muid ábalta ár dtáirgeacht agus an réimse táirgí a chuireann muid ar fáil a mhéadú. Creideann muid go mbeidh ár ngnó níos iomaíoch mar thoradh ar an bhfiontar nua seo. Beidh muid ábalta níos mó táirgí a chur ar fáil dár gcustaiméirí agus cinnteoidh sé go dtiocfaidh fás ar ár ngnó isteach sa todhchaí. Léiríonn ár gcístí ríse nua Lite, ina bhfuil seacláid le níos lú ná 35% saill ná aon cheann eile ar an margadh, agus ár arán nua saor ó ghlútan a bheidh sna siopaí go luath, go bhfuil muid in ann táirgí a fhorbairt don margadh nideoige fáis seo.”

Dúirt Micheál Ó Scanaill, Cathaoirleach Réigiúnach Údarás na Gaeltachta go raibh áthas ar an Údarás a bheith ábalta tacú leis an bhfiontar. “Tá na deiseanna fostaíochta a chuirfidh an comhlacht seo ar fáil ríthábhachtach do Ghaeltacht Mhúscraí agus cheana féin, ag an stáid luath seo, tá ardú feicthe againn sa líon daoine atá fostaithe ag an gcomhlacht seo. Is dea-shampla é seo ar an gcaoi a n-oibríonn an tÚdarás le gnóthaí agus an tacaíocht a chuireann sé ar fáil a chuireann ar a gcumas a ngnó a fhorbairt agus a leathnú. Tá muid sásta go raibh an tÚdarás in ann an leathnú atá Heron Quality Foods Ltd ag déanamh i mBéal Átha an Ghaorthaidh a éascú”.