Léiríonn Suirbhé Turasóireachta go gcuidíonn nádúr chairdiúil mhuintir Iarthar Chiarraí le turasóirí a mhealladh chuig an cheantar

3 Márta, 2011

nóiméad léite

Léiríonn suirbhé a rinneadh ar thurasóirí a thug cuairt ar Iarthar Chiarraí anuraidh gur iad na príomh ghnéithe a théann i gcionn orthu agus cinneadh á dhéanamh acu dul ar saoire sa cheantar ná ‘Daoine Cairdiúil agus Fáilteacha’ (95.6%) agus ‘Radharcra Álainn’ (93.5%).

Taispeánann Suirbhé Turasóireachta Chorcha Dhuibhne 2010, a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta agus atá á sheoladh inniu (Déardaoin 3 Márta 2011), torthaí ar shuirbhé a rinneadh ar chuairteoirí i rith 2010. Rinneadh 600 agallamh duine le duine le cuairteoirí in Iarthar Chiarraí i rith mhí an Mheithimh, Iúil, agus Lúnasa 2010.

Léiríonn anailís ar an na torthaí, a rinne an Roinn Óstáin, Lónadóireachta agus Turasóireachta, in Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí, na nithe seo a leanas:

  • Bhí na leibhéil shástachta ar an iomlán leis an táirge turasóireachta sa cheantar an-ard le 98.2% de na freagróirí a rá go bhfillfidís ar an gceantar arís le haghaidh saoire.
  • Bhí os cionn leath (50.8%) de na freagróirí go léir ar a gcéad chuairt go dtí an ceantar, figiúr atá níos airde ná an figiúr náisiúnta de 37%.
  • Ba é Stáit Aontaithe Mheiriceá an margadh cuairteoirí idirnáisiúnta ba mhó le 17.6%.
  • Bhí 15.1% de na cuairteoirí ón mBreatain, ísliú de bheagnach 9% nuair a chuirtear an líon sin i gcomparáid le figiúirí Suirbhé Turasóireacht Chontae Chiarraí 2004.
  • Bhí a fhios ag 81% d’fhreagróirí go raibh siad i gceantar ina labhraítear an Ghaeilge.
  • Comhairle ‘ó chara nó ó ghaol’ an fhoinse eolais/atreoraithe is tábhachtaí do 45.1% de na freagróirí
  • D’úsáid 24% de chuairteoirí a d’fhan thar oíche acmhainní ar líne chun áirithint lóistín a dhéanamh.

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt Micheál Ó Scanaill, Cathaoirleach Choiste Réigiúnach Údarás na Gaeltachta “gur foinse tábhachtach eolais a bheidh sa tuarascáil do gach duine atá ag plé leis an tionscal turasóireachta sa cheantar go háitiúil. Beidh tionchar mór ag an eolas atá sa tuarascáil ar thosaíochtaí infheistíochta sa todhchaí ó thaobh deontais agus tacaíochtaí eile rialtais atá á riaradh ag eagrais Stáit a bhfuil comhfhreagrachtaí orthu i leith fhorbairt na hearnála seo.

Taispeánann na staitisticí turasóireachta is déanaí atá ar fáil ó Fáilte Éireann gur bhfiú thart ar €4.6 billiún go náisiúnta an tionscal turasóireachta in 2010 le thart ar 5.6 milliún de chuairteoirí eachtrannacha, o cionn 700,000 a thug cuairt ar Cho. Chiarraí agus a chaith thart ar €160 milliún.

Dúirt Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta, “Tá an earnáil turasóireachta fíorthábhachtach don eacnamaíocht áitiúil in Iarthar Chiarraí agus go deimhin i gContae Chiarraí trí chéile. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh eolas suas chun dáta ar fáil maidir le cuairteoirí a thagann le saoire a chaitheamh sa cheantar, a bpatrúin iompraíochta, a gcuid ionchais agus riachtanais. Cabhróidh an t-eolas seo leis an earnáil turasóireachta díriú ar phríomh mhargaí agus táirgí nua a fhorbairt bunaithe ar riachtanais na gcuairteoirí”.

San áireamh sa cheistneoir bhí ceisteanna maidir le próifíl na gcuairteoirí, na fáthanna gur roghnaigh siad an ceantar le haghaidh saoire agus ceisteanna cineálacha maidir le leibhéil shástachta na gcuairteoirí le lóistín, bia agus tarraingtí eile sa cheantar. Rinneadh an suirbhé le cabhair rannpháirtithe ar scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS atá á riaradh ag Údarás na Gaeltachta, agus le cabhair ó Fháilte Éireann.

Tá cóipeanna den tuarascáil ar fáil ó oifig Údarás na Gaeltachta ag 066 9150100 nó foh@udaras.ie