Bácús Uí Ghallachóir (Gal Ard Teo) pléite ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta

28 Eanáir, 2011

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Gaillimh inniu (28 Eanáir) léirigh an bord a dhíomá faoin chinneadh atá glactha ag Bacús Uí Ghallachóir (Gal Ard Teo) deireadh a chur leis an líne tháirgeachta táirgí reoite ar láthair an chomhlachta in Ard an Rátha.

Thug feidhmeannaigh sinsearacha an Údaráis le fios don Bhord gur chas siad le hionadaithe ón chomhlacht agus gur cuireadh in iúl dóibh nach raibh an gnó mar a bhí sé inmharthanach de bharr ardú ar chostais bunábhar, titim ar dhíolacháin agus iomaíocht sa mhargadh.

Thug an comhlacht le fios go bhfuil sé i gceist acu an líne bácála reoite a aistriú go Caisleán na Gráinsí i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil acmhainn táirgeachta ag Cuisine de France. Deir siad go mbeidh 25 post á gcruthú i gCaisleán na Gráinsí mar thoradh ar an aistriú agus léirigh ionadaithe ón chomhlacht go mbeidh tús áite á thabhairt d’fhostaithe Bhácús Uí Ghallachóir sna poist sin.

Thug an comhlacht le fios go bhfuil sé sásta an gnó agus an mhaoin a bhaineann leis a aistriú chuig úinéir úr, rud a d’fhéadfadh 40 post a chaomhnú dá bharr.

Tá an tÚdarás ag obair leis an chomhlacht faoi láthair leis an oiread poist agus is féidir a chaomhnú in Ard an Rátha. Leanfar ar aghaidh leis na comhráití seo thar na seachtainí amach romhainn chun an toradh is fearr a bhaint amach do na fostaithe, an pobal áitiúil agus don Stáit.