Bord buartha faoi thodhchaí an Údaráis agus na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta

28 Meán Fómhair, 2010

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sa Rinn i bPort Láirge inniu, léirigh comhaltaí an Bhoird an-imní faoina bhfuil i ndán don Údarás féin agus don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. D’fhoilsigh An Roinn Airgeadais Clár Athbhreithnithe Caipitil an Rialtais i mí Iúil a léirigh go raibh laghdú substaintiúil le déanamh ar sholáthar caipitil na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ón €105m atá ann i mbliana go dtí €86 milliún in 2011 agus 2012 faoi seach. Den mhéid sin, tá timpeall €70m le cur ar fáil sa dá bhliain sin do Chlár Leader, rud a fhágfaidh fuílleach de €16m caipitil don Roinn féin agus na gníomhaireachtaí atá ag feidhmiú faoina coimirce, an tÚdarás san áireamh. Is fiú a choinneáil i gcuimhne sa chomhthéacs seo go bhfuil soláthar de €15m caipitil ag an Údarás féin i mbliana.

Dhearbhaigh an tIar-Aire, Éamon Ó Cuív, T.D., agus an tAire reatha, Pádraig Ó Ciardha, T.D., go bhfuil todhchaí an Údaráis slán taobh istigh de struchtúr na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Seachtain tar éis fhoilsiú Chlár Caipitil an Rialtais, bhronn An Comhchoiste Oireachtais an dréacht-straitéis leasaithe 20 Bliain don Ghaeilge ar an Aire Ó Ciardha, dréacht-straitéis a chuireann béim bhreise fós ar an Údarás leanúint ar aghaidh mar ghníomhaireacht láidir fhorbartha Ghaeltachta le feidhmeanna fiontraíochta agus fostaíochta. Níl aon chinneadh déanta faoin dréacht-straitéis sin fós. Níl aon chinneadh ach an oiread déanta maidir le próiseas ceapacháin Phríomhfheidhmeannach nua mar chomharba ar an bPríomhfheidhmeannach reatha. Tá an éiginnteacht leanúnach seo ag cur an-imní ar an Údarás agus ar phobal na Gaeltachta.

Tá tús á chur faoi láthair le próiseas buiséadachta don bhliain 2011, bliain a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach ó thaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ó thaobh todhchaí na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Chinn An Bord cruinniú a lorg leis an Aire Ó Ciardha, T.D., agus toscaireacht de cheathrar, An Cathaoirleach agus triúr Cathaoirleach na gCoistí Réigiúnacha a bheith i láthair lena n-imní a chur in iúl agus impí ar an Aire:
– gníomhú ar an Straitéis 20 Bliain;
– próiseas ceapacháin an Phríomhfheidhmeannaigh a cheadú agus;
– soláthar dóthanach caipitil a chinntiú dóibh do 2011 le cur ar a gcumas freastal cóir cothrom a dhéanamh ar riachtanais fhorbairt eacnamaíochta, fostaíochta, shóisialta agus teanga a shásamh.