€7 milliún le caitheamh sa Ghaeltacht i mbliana faoin Scéim Sóisialta Tuaithe

16 Aibreán, 2010

nóiméad léite

Tá athnuachan déanta ar an Scéim Sóisialta Tuaithe sa Ghaeltacht don bhliain amach romhainn. Is fiú €7 milliún an scéim seo don Ghaeltacht agus is é seo an 7ú bliain den scéim.

Déanann Údarás na Gaeltachta an scéim a riaradh sa Ghaeltacht i gcomhar le Comhar Leader na nOileán ar na hoileáin.

I láthair na huaire tá 20 scéim á bhainistiú ar a bhfuil 21 saoiste fostaithe agus 437 rannpháirtí. Oibríonn na rannpháirtithe 19.5 uair san tseachtain ar ghníomhaíochtaí ar nós obair chothabhála agus fheabhsúcháin ar bhealaí siúlóide agus ar bhóithre portaigh; obair chaomhnaithe fuinnimh do dhaoine scothaosta; tionscadail fheabhsuithe agus chothabhála timpeallachta agus bailte, saoráidí pobail; cúramaí sóisialta, cúramaí do dhaoine scothaosta agus cúramaí pobail do ghrúpaí réamhscolaíochta agus do ghrúpaí iarscoile araon.

Bhí an scéim seo á mhaoiniú tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus tá an scéim á aistriú chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí faoi láthair.