Os cionn €2 mhilliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta d’eagrais phobail Ghaeltachta – Connacht Laighean

4 Márta, 2010

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine seo caite, deimhníodh go bhfuil soláthar €2,085,000 ceadaithe d’eagrais phobail na Gaeltachta do 2010 le tacú leo a bpleananna oibre a chur i bhfeidhm.

Ceadaíodh €1,042,500 i bhfoirm Deontais Reáchtála do na heagrais phobail i nGaeltachtaí Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus na Mí

Seo a leanas na heagrais a mbeidh an deontas reáchtála a chur ar fáil dóibh in 2010:
Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhle Teo
Comhar Dún Chaocháin Teo
Coiste Cultúr Teanga & Forb Thuar Mhic Éadaigh Teo
Comhar Caomhán Teo
Cumann Huicéirí na Gaillimhe Teo (An Cheathrú Rua)
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo
Comharchumann Forbartha Árann Teo
Comharchumann Inis Meáin Teo
Comhairle Ceantair na nOileán Teo
Forbairt Chonamara Lair Teo
Comharchumann Shailearna Teo
Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo
Spórtlann Naomh Anna Teoranta
Comhlacht Forbartha an Spidéil Teo
Comhar Chuigéil Teoranta
Comharchumann Ráth Cairn Teo