Os cionn €2 mhilliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta d’eagrais Ghaeltachta – Mumhan

3 Márta, 2010

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine seo caite, deimhníodh go bhfuil soláthar €2,085,000 ceadaithe d’eagrais phobail na Gaeltachta do 2010 le tacú leo a bpleananna oibre a chur i bhfeidhm.

Ceadaíodh €488,000 i bhfoirm Deontais Reáchtála do na heagrais phobail i nGaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge.

Seo a leanas na heagrais a mbeidh an deontas reáchtála á chur ar fáil dóibh in 2010:

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo
Comharchumann Forbartha Leith Triúigh Teo
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Rathaigh Teo
Forbairt na Dromada Teo
Comharchumann Chléire Teo
Comharchumann Forbartha Muscraí Teo
Comhlacht Forbartha na nDeise Teo