An comhlacht ardteicneolaíochta Somex Teo ag dul i mbun gnó ar Pháirc Thionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne

29 Meitheamh, 2009

nóiméad léite

Tá ionad nua bunaithe ag Somex Teo, soláthraí réitigh uathoibrithe a bhíonn ag plé go sonrach le dearadh agus le forbairt trealamh tástála saotharlainne, ar eastát tionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí.

Bhunaigh Brian O’Keefe agus Michael Wall an comhlacht, a bhí lonnaithe i Maigh Chromtha roimhe seo, sa bhliain 2000 agus theastaigh foirgneamh níos mó le bheith in oiriúint do na pleananna fáis agus forbartha a bhí acu.

Le cúnamh agus tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, dhear agus d’fhorbair an comhlacht foirgneamh nua d’ardteicneolaíocht ar pháirc thionscail an Údaráis le hinfheistíocht iomlán de €0.75milliún.

Déanann Somex Teo réitigh thástála pacála agus táirge don earnáil dí agus tá comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar nós PepsiCo, Coca-Cola, Carlsberg agus C&C mar chliaint acu. Lena chois sin, cuireann an comhlacht sainréitigh dearadh agus uathoibrithe ar fáil do na hearnálacha cógaisíochta, leighis, plaistigh agus leictreonacha.

Tá ochtar fostaithe sa chomhlacht faoi láthair agus tá pleananna acu seachtar eile a earcú thar na trí bliana atá romhainn. Faoi láthair, is céimithe tríú leibhéal iad an fhoireann go léir ag a bhfuil saineolas sna réimsí dearadh meicniúil, dearadh uathoibrithe agus forbairt bogábhar. Tá i gceist go mbeidh cáilíocht den chineál céanna ag daoine a earcófar sa todhchaí.

Agus é ag fógairt leathnú an chomhlachta go Baile Bhuirne, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Tá áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas tacú leis an chomhlachta Somex Teo leathnú go Baile Bhuirne. Is comhartha é cinneadh an chomhlachta, gnó atá chomh sofaisticiúil agus chomh fada chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de a lonnú anseo, go bhfuil muinín acu as an bhfoireann oibre agus as an gceantar go ginearálta. Is sampla é an fhorbairt seo de chur i bhfeidhm pholasaí an Údaráis tionscail ardteicneolaíochta atá ag fostú daoine le hard cháilíochtaí i gceantair atá in ann foirgnimh fheiliúnach gnó, foireann oibre oilte agus infreastruchtúr a chur ar fáil.”

Cuireann Somex Teo béim mhór ar thaighde agus ar fhorbairt agus tá siad i láthair na huaire ag obair leis an gColáiste Ollscoile, Corcaigh ar phróisis nuálach le tástáil a dhéanamh ar dheochanna agus táthar ag súil go mbeidh buntáiste mór anseo don tionscail dí go domhanda.

Dúirt Brian O’Keeffe agus Michael Wall, stiúrthóirí Somex Teo go gcuirfeadh an áis nua deis fháis agus acmhainní breise ar fáil do chustaiméirí nua agus reatha as seo amach.

“Tá i gceist ag Somex Teo leanúint ar aghaidh ag díriú ar nuálaíocht sa mhargadh tionscail agus dá réir sin, ag soláthar taithí fhairsing agus deiseanna dá chuid fostaithe. Tá an tacaíocht agus an spreagadh a fuaireamar ón Údarás le linn dúinn a bheith ag leathnú chuig ár bhfoirgneamh nua agus ag an am céanna muid ag iarraidh fás a chothú laistigh dár ngnó, thar a bheith luachmhar. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghlacadh le gach duine san Údarás a chabhraigh linn agus táimid ag tnúth le dea-thodhchaí i nGaeltacht álainn Bhaile Bhuirne”, a dúirt siad.