Buaiteoirí an Chomórtais Fiontraíochta do Scoileanna Dara Leibhéal 2008/2009 – Réigiún an Iarthair

7 Bealtaine, 2009

nóiméad léite

Ag ócáid a bhí ar siúl in Óstán na Páirce, An Spidéal inniu (7 Bealtaine 2009) bhronn Máirtín Ó Conghaile, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta, duaiseanna ar bhuaiteoirí Réigiún an Iarthair sa Chomórtas Fiontraíochta do Scoileanna Dara Leibhéal Gaeltachta 2008/2009.

Seo a leanas na buaiteoirí:

An chéad áit: €1,000 Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Togra: Cártaí Chonamara Teo (Cártaí Ócáidí)

An Dara Áit: €500 Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Togra: Mé, Tú, Sé, Sí Teo (Leabhar do pháistí)

An Tríú Áit: €250 Coláiste Cholmcille, Indreabhán
Togra: Míle Mála Teo (Málaí le haghaidh bronntanais)

Is comórtas fiontraíochta é seo atá dírithe ar scoileanna dara leibhéal sna Gaeltachtaí ag a bhfuil sé mar aidhm spiorad na fiontraíochta a chothú i measc daltaí agus foghlaim ón bpróiseas.

Chun a bheith páirteach bíonn ar gach grúpa plean gnó a chur ar fáil, gnó a bhunú agus a rith, tuairisc a scríobh ar ghnó an chomhlacht samhailteach agus seastán eolais a shocrú suas sa taispeántas réigiúnach.