Clár Nua Iompair Tuaithe BEALACH Seolta

27 Márta, 2009

nóiméad léite

Ag ócáid in Óstán an Connemara Gateway inniu sheol Príomfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, clár nua 3 bliana BEALACH – Páirtnéireacht Iompair Áitiúil Chonamara Teo. Déanann BEALACH, a bhfuil a n-oifig riaracháin lonnaithe i gCarna, bainistiú ar an Chlár Iompar Tuaithe i gceantar Chonamara agus Árann.

Cuireann BEALACH seirbhís iompair tuaithe ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta ar fud Chonamara agus Chontae na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag BEALACH córais iompair a chur ar fáil do dhaoine chuig seirbhísí áitiúla agus ceangal le seirbhís réigiúnacha poiblí bus.

Agus é ag seoladh clár nua 3 bliana BEALACH, mhol Pádraig Ó hAoláin Coiste Stiúrtha BEALACH faoin obair éachtach atá déanta acu ag cur seirbhís riachtanach ar fáil do phobail tuaithe ó bunaíodh an eagraíocht i 2002. “Tá páirt lárnach shóisialta ag seirbhísí BEALACH sna ceantair ina bhfuil na seirbhísí iompair seo ar fáil. Cuireann BEALACH seirbhís atá an-tábhachtach ar fáil d’óg agus aosta, do dhaoine atá scoite amach de bharr go bhfuil cónaí orthu i gceantair nach bhfuil aon seirbhís iompair phoiblí ar fáil iontu. Cinntíonn BEALACH go bhfuil córas iompar ar fáil dóibh chuig seirbhísí riachtanach áitiúla ar nós siopaí, oifig an phoist, dochtúir, ospidéil agus áiseanna sóisialta. Feabhsaíonn an tseirbhís seo caighdeán saoil go leor daoine agus cuidíonn sí leis an eacnamaíocht áitiúil chomh maith.”

“Molaim an sár-obair atá déanta an eagraíocht seo as ucht riachtanais eile taobh amuigh agus taobh istigh dá gceantar feidhme a aithint agus a leagan amach ina bplean straitéiseach 3 bliana agus as ucht maoiniú breise a aimsiú chun cur ar a gcumas na seirbhísí breise sin a sholáthair ag tráth an-dúshlánach i saol na tíre.”

Dúirt Morgan Ó Conchubhair, Cathaoirleach BEALACH, gur aithin an eagraíocht an gá lena sheirbhís a threisiú, freastal ar phobal agus ar cheantar níos leithne agus Oirthear na Gaillimhe a thabhairt san áireamh agus ghlac sé buíochas le Pobal as ucht an maoiniú a chur ar fáil. Dúirt sé go mbeadh an tseirbhís atá BEALACH a chur ar fáil riachtanach do cheantair iargúlta an chontae sna bliana corrach atá amach romhainn.