Ionad Forbartha Gnó €1.1 milliún oscailte i gCill Charthaigh

8 Meán Fómhair, 2008

nóiméad léite

Rinne An Tánaiste Máire Ní Chochlainn, T.D., An tAire Fiontar, Trádála & Fostaíochta, Ionad Forbartha Gnó úr, Fiontarlann, a oscailt go hoifigiúil (inniu) ar an Luan, 08 Meán Fómhair i mBaile Mún, Cill Charthaigh, i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall.

Is Lárionad Forbartha Gnó í Fiontarlann Chill Charthaigh d’fhiontair sna luathchéimeanna agus fiontair atá i mbun forbartha. Tá an tIonad fóirsteanach do dhaoine atá ag lorg spáis fhiontair agus áiseanna den chéad scoth, le tacaíochtaí gnó agus riaracháin ar an láthair.

Tá na haonaid oibre san Fhiontarlann leagtha amach sa dóigh gur féidir iad a chur in oiriúint do riachtanais ghnó éagsúla, le méideanna éagsúla spás á dtairiscint sna haonaid, ó 37 méadar cearnach a fhad le 93 méadar cearnach. Tá soláthar trealaimh agus áiseanna d’ardleibhéal teicneolaíochta i ngach ceann acu le spás oibre ina bhfuil córas teasa in-athnuaite agus córas leathanbhanda ar fáil.

Ag labhairt don Tanáiste ag an ócáid, dúirt sí, gurb iontach an áis í seo do phobal an cheantair agus go háirithe do lucht gnó na háite, “beidh An tIonad Fiontraíochta seo mar chuid thábhachtach d’infreastruchtúr gnó an Iardheisceirt agus is taca eile den scoth an réimse leathan seirbhísí tacaíochta atá á gcur ar fáil san ionad seo do chomhlachtaí beaga an cheantair.”

Rinne Údarás na Gaeltachta agus Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn maoiniú ar an togra seo agus tá infheistíocht €1.1 milliún déanta san Fhiontarlann. Is comhfhiontar an togra seo idir Westbic, líonra tacaíochta agus comhairleoireachta gnó agus an comhlacht pobalbhunaithe Áislann Chill Charthaigh.