Áis nua táirgeachta oscailte ag Proxy Biomedical Ltd i nGaeltacht na Gaillimhe le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta

21 Iúil, 2008

nóiméad léite

D’oscail Proxy Biomedical Ltd, comhlacht atá go mór chun cinn i bhforbairt leigheas athghinteach, áis nua déantúsaíochta go hoifigiúil i bhfoirgneamh de chuid an Údaráis ar an Spidéal, Co. na Gaillimhe inniu (21 Iúil).

Díríonn Proxy Biomedical Ltd go speisialta ar thaighde, fhorbairt, tháirgeadh agus mhargaíocht bithábhar le fíochán a leigheas nó a athghineadh. Is macasamhail iad na feistí leighis a tháirgeann Proxy d’fhíochán gur féidir a úsáid chun go leigheasfaí nó go bhfeabhsófaí caighdeán saoil an othair.

Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, beidh na seirbhísí uile atá á dtairiscint ag Proxy, ar a n-áirítear dearadh, forbairt, táirgeadh, díol agus dáileadh na bhfeistí leighis agus bithábhair na chéad ghlúine eile, faoi aon díon amháin. Is rud eisceachtúil é san earnáil seo go mbeadh na seirbhísí uile á soláthar as aon saoráid amháin.

Ag labhairt dó faoi chinneadh an chomhlachta lonnú i nGaillimh, dúirt Peter Gingras, bunaitheoir agus Bainisteoir Stiúrtha Proxy “Roghnaigh muid Gaillimh go príomha mar gheall ar na hacmhainní atá ar fáil in earnáil na heolaíochtaí beatha, agus mar gheall go bhfuil go leor comhlachtaí san earnáil bithleighis agus cógasaíochta lonnaithe sa chontae. Bhí muid lonnaithe i gCathair na Gaillimhe ar dtús ach de réir mar a d’fhorbair agus mar a leathnaigh an comhlacht, theastaigh ionad níos mó uainn agus chinn muid athlonnú chuig Gaeltacht na Gaillimhe áit ar chuir an tÚdarás saoráid d’ardchaighdeán ar fáil a bhí feiliúnach do na riachtanais go léir a bhí againn.”

Tá sé dhuine dhéag fostaithe sa chomhlacht faoi láthair agus tá i gceist go mbeidh sé dhuine dhéag breise á bhfostú thar an dá bhliain atá romhainn. Tá ardchéim ag os cionn leath acu siúd atá fostaithe agus is le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a bhíonn siad ag plé. Faoi láthair, easpórtálann an comhlacht 95% dá chuid táirgí chuig na Stáit Aontaithe, an Eoraip, agus an Áis. Dáileann an comhlacht a chuid táirgí brandáilte féin do réimsí áirithe úsáidí, agus tá comhpháirtíochtaí straitéiseacha ag an gcomhlacht le comhlachtaí eile ar nós Boston Scientific agus B Braun i réimsí eile úsáidí.

Thug Peter Mulrooney, Stiúrthóir, Oibríochtaí, Proxy Biomedical, cuntas ar na buntáistí atá ag baint leis an saoráid nua don todhchaí, “Tá am agus acmhainní substaintiúil curtha isteach ag Proxy Biomedical i bhforbairt punann de theicneolaíochtaí bithábhair don earnáil déanta fíocháin. Tá súil againn dul i gcomhpháirtíocht le comhlachtaí in Éirinn agus i dtíortha eile ina bhfuil cnuasaigh eolaíochtaí beatha. Cuirfidh an saoráid nua acmhainneacht fáis agus cumas breise ar fáil do chustaiméirí reatha agus nua sa todhchaí.”

D’fháiltigh an tAire Éamon Ó Cuív, a d’oscail an t-ionad go hoifigiúil, roimh chinneadh Proxy Biomedical lonnú i nGaeltacht Chonamara. “Is dea-scéal é seo don cheantar. Tá na deiseanna fostaíochta ardchaighdeáin a chruthófar thar a bheith tábhachtach don cheantar agus cabhróidh sé an pobal áitiúil a fhorbairt agus a chothú sa todhchaí.” Mhol an tAire Údarás na Gaeltachta as an straitéis réamhghníomhach atá acu infheistíocht nua a aimsiú san earnáil forásach seo agus as foirgnimh ghnó d’ardchaighdeán a fhorbairt agus a chur ar fáil chun tograí den chineál seo a mhealladh.

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá ríméad orainn a bheith in ann tacú leis an bhforbairt atá á dhéanamh ag Proxy Biomedical i nGaeltacht Chonamara. Léiríonn an cinneadh atá déanta ag an gcomhlacht, gnó atá chomh sofaisticiúil agus chomh fada chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de a lonnú anseo, go bhfuil an-mhuinín acu sa bhfórsa oibre agus sa cheantar go ginearálta. Is dea-shampla í an fhorbairt seo ar chur i bhfeidhm polasaí an Údaráis comhlachtaí sa tionscal eolaíocht beatha a mhealladh chuig ceantair atá ábalta aonaid ardchaighdeáin gnó, fórsa oibre oilte agus infreastruchtúr cuí a chur ar fáil.”