Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i gColáiste na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge

30 Meitheamh, 2008

nóiméad léite

Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta a tionóladh i gColáiste na Rinne, sa Rinn an Aoine seo caite (27 Meitheamh) ceadaíodh na tograí seo leanas:

Comharchumann Thoraí Teo, Toraigh, Co. Dhún na nGall

Ceadaíodh deontais chaipitil €32,719 in iomlán do Chomharchumann Thoraí Teo le hobair athchóirithe a dhéanamh ar chlub sóisialta oileáin (An Club), le trucáil ardaithe a cheannach le lastas a thabhairt ón bhád agus a dháileadh ar fud an oileáin agus le dhá inneall meilte gloine a cheannach chun toirt gloine athchúrsála a laghdú sula n-aistreofar go tír mór é.

Tá an Comharchumann i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall tar éis clár bainistiú imshaoil a chur le chéile agus a aontú agus tá na hinnill meilte gloine atá a cheannach acu mar chéimeanna i gcur i bhfeidhm an phlean seo.

Turasóireacht Iorrais Teo, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo

Ceadaíodh tacaíocht airgeadais €15,000 do Thurasóireacht Iorrais Teo le cuidiú leis an chomhlacht meastóireacht a dhéanamh ar chórais bhainistíochta agus ar chórais fheidhmiúcháin an ghnó agus straitéis fhadtéarmach a leagadh amach don chomhlacht. Tá Turasóireacht Iorrais i mbun bainistiú Gailf Chúrsa Chairn agus bíonn tograí eile turasóireachta á chur i bhfeidhm acu ó am go chéile, ar nós siúlóid ‘Slí na Sláinte’ a fhorbairt, cláir eolais a chur ar fáil do thurasóirí agus comharthaí boithre nua a eagrú i bpáirtíocht le Comhairle Contae Mhaigh Eo.