Tuilleadh post do Ghaeltacht Dhún na nGall

19 Bealtaine, 2008

nóiméad léite

Tá Forward Emphasis International, comhlacht a chuireann seirbhísí foinsithe allamuigh ar fáil, le hionad teagmhála ilfheidhmeach a oscailt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, a chruthóidh 100 post nua thar na trí bliana atá amach romhainn. Is í an Tánaiste agus An tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Máire Ní Chochláin, a rinne an fhógairt inniu (19 Bealtaine 2008). Tá tacaíocht á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta don togra seo.

Is comhlacht é Forward Emphasis International a chuireann seirbhísí foinsithe allamuigh ar fáil ar a n-áirítear réitigh guthán, seirbhísí postas díreach agus seirbhísí cúl oifige don earnáil baincéireachta agus airgeadais, an rialtas agus eagraíochtaí sheachbhrabúsacha sa Bhreatain. Tá 200 duine fostaithe i gceanncheathrú an chomhlachta i gCionn Mhálanna faoi láthair ag cur réimse seirbhísí comhtháite ar fáil ar a n-áirítear láimhseáil glaonna isteach, taighde margaíochta agus riarachán cúl oifige. Cuireann an comhlacht seirbhísí ar fáil do chuid de na comhlachtaí baincéireachta agus airgeadais FTSE 100 is mó sa Bhreatain.

Ag labhairt di ag an phreas ócáid, dúirt an Tánaiste Máire Ní Chochláin, “Seo scéal iontach maith don cheantar agus don lucht saothair áitiúil an cinneadh atá déanta ag Forward Emphasis International a ngnó a lonnú i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá stair rathúil ag an chomhlacht seo i nDún na nGall agus tabharfaidh an áis nua i nGaoth Dobhair deis don chomhlacht méadú suntasach a dhéanamh ar a ngnó. Molaim Údarás na Gaeltachta as ucht an chomhlacht seo a mhealladh go ceantar Ghaoth Dobhair agus as an mhéid atá déanta acu le tacú le cruthú fostaíochta i nGaeltacht Dhún na Gall. Tá an fógra áirithe seo suntasach nuair a thógtar sa chuntas na postanna a d’fhógair Euro Iompú anseo ar an Pháirc Ghnó le gairid agus an fógra a rinne mo chomhghleacaí Pat the Cope Ó Gallachóir an tseachtain seo caite, nuair a d’fhógair sé go bhfuil Randox Laboratories le leathnú go Dún na nGall agus 135 post nua a chruthú ar an Chlochán Liath. Tuigim chomh maith go bhfuil pleananna leathnúcháin ag cuid de na comhlachtaí atá ag feidhmiú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair faoi láthair agus go mbeidh tuilleadh fógraí dtaca le postanna don cheantar seo á dhéanamh go luath.”

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá ríméad orainn a bheith in ann tacú leis an bhforbairt atá á dhéanamh ag Forward Emphasis International i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá líon agus caighdeán na bpost a chruthóidh an comhlacht seo thar a bheith tábhachtach don cheantar. Tá sé ina fhianaise ar chaighdeán agus ar leibhéal seirbhíse Forward Emphasis International an líon comhlachtaí móra atá mar chliaint acu. Is cruthúnas breise é bunú an chomhlachta seo ar chomh maith is atá ag éirí lenár straitéis forbartha infheistíocht san earnáil seirbhísí nua-aimseartha a mhealladh chun na Gaeltachta le fostaíocht a chruthú.”

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Patrick Loughrey, Stiúrthóir Bainistíochta, Forward Emphasis International, “Tosóidh muid ag earcú foirne ag deireadh an tsamhraidh agus beidh muid ag feidhmiú ar an Pháirc Ghnó faoi dheireadh na bliana. Rinne muid an cinneadh leathnú go Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair de bharr ionad teagmhála réitithe d’ardchaighdeán agus foireann oibre oilte a bheith ar fáil sa cheantar láithreach bonn”.