Bronnadh Teastas Eorpach na Gaeilge

2 Deireadh Fómhair, 2007

nóiméad léite

Tháinig breis agus 100 duine chuig Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair tráthnóna Dé Máirt, áit a ndearnadh Teastas Eorpach na Gaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, a bhronnadh orthu i ndiaidh dóibh an cúrsa úr agus an scrúdú a dhéanamh i nDún na nGall le bliain anuas. Bhí lámh ag Údarás na Gaeltachta, Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus Comhairle Contae Dhún na nGall sa bhronnadh chomh maith, mar is iadsan a bhí ag comhoibriú i rith na bliana leis an chúrsa úr seo a thabhairt go dtí roinnt mhaith ionad ar fud Chontae Dhún na nGall, ina measc Baile Dhún na nGall, Leitir Ceanainn, Leifear, An Clochán Liath agus ceantracha eile Gaeltachta. Tháinig roinnt daoine ón Srath Bán i gContae Thír Eoghain chomh maith, áit a raibh an cúrsa ar siúl ag coiste áitiúil Gaeilge darb ainm Gaelphobal.

Is córas scrúdaithe é an Teastas Eorpach d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge, a bhfuil baint aige leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Mheasúnú Teangacha (Comhairle na hEorpa 2001), agus déantar na hiarrthóirí a scrúdú sna ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag ceithre leibhéal: Bonnleibhéal A1, Bonnleibhéal A2, Meánleibhéal B1, agus Meánleibhéal B2. Beidh siad ar fáil ag dhá leibhéal eile, Ardleibhéal C1 agus Ardleibhéal C2 amach anseo. D’éirigh leis na daoine a bhí i láthair ag an ócáid bhronnta Dé Máirt sna scrúduithe ag leibhéal A1 agus A2, a eagraíodh i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine i mbliana i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, an chéad uair a reáchtáladh na scrúduithe seo i nDún na nGall, mar gheall ar an éileamh mór a chruthaigh an tÚdarás, an Coiste Gairmoideachais agus Comhairle Contae Dhún na nGall don chúrsa.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh cúrsaí creidiúnaithe Theastas Eorpach na Gaeilge mar chuid dílis de chlár pleanála teanga “Gaeilge 2010” an Údaráis ar fud na Gaeltachta agus gur barántas an-tábhachtach é don líon mór foghlaimeoirí Gaeilge sa chontae Teastas le stádas ar chomhchéim le mórtheangacha na hEorpa a bheith ar fáil dóibh. Dúirt sé fosta go raibh sé fíorthábhachtach go raibh baill foirne ón gComhairle Contae agus ón gCoiste Gairmoideachais ag gabháil do na cúrsaí seo mar gur gá treisiú ar leibhéal agus caighdeán na seirbhíse trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge sa chontae ó na heagrais stáit go léir atá ag freastal ar phobal na Gaeilge.

Mhínigh Séamas Ó Gallchóir, Oifigeach Cultúir agus Teanga le hÚdarás na Gaeltachta i nDún na nGall, go bhfuil an tÚdarás ag cur Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil i 10 nIonad Seirbhísí Teanga ar fud Ghaeltacht Thír Chonaill ó na Dúnaibh i dtuaisceart an chontae, Gort a’Choirce, An Chrannóg i nDoirí Beaga, Ionad Teampall Chróine ar an Chlochán Liath, Árainn Mhór, Toraigh, Baile na Finne agus An Coimín, chomh maith le hÁislann Chill Charthaigh agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Tá sé seo mar chuid de straitéis Gaeilge 2010 de chuid an Údaráis leis an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú sa Ghaeltacht, agus rinneadh infheistíocht mhór i dtrealamh teagaisc ardteicneolaíochta.

Thréaslaigh Mícheál Ó hÉanaigh, Stiúrthóir Pobail, Cultúir agus Fiontraíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall leis na baill foirne ón Chomhairle Contae agus na Comhairlí Baile a rinne an cúrsa agus ar éirigh leo an Teastas Eorpach sa Ghaeilge a bhaint amach. Reáchtáil an Chomhairle Contae an cúrsa i gceithre ionad fá choinne ball foirne ar fud Dhún na nGall, ina measc Baile Dhún na nGall i gcomhar leis an Choiste Gairmoideachais, Ionad Seirbhísí Pobail Leitir Ceanainn, Ionad Seirbhísí Pobail an Chlocháin Léith agus Áras an Chontae i Leifear. D’éirigh le breis agus 40 ball foirne an Teastas a bhaint amach sa chéad bhliain i nDún na nGall, agus is fianaise í seo, a dúirt sé, ar dhúthracht na Comhairle agus na mball foirne maidir lena scileanna Gaeilge a fhorbairt agus seirbhís trí Ghaeilge a fhorbairt don phobal.

Bhí Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall i láthair ag an ócáid chomh maith, agus dúirt sé go raibh sé i gceist ag an Chomhairle an Teastas Eorpach a chur ar fáil in oiread oifigí agus is féidir sna blianta amach romhainn, agus súil aige a bheith ag comhoibriú go mór le hÚdarás na Gaeltachta agus an Coiste Gairmoideachais sa togra seo. “Tá mé an-tógtha faoin tsuim mhór a chuir baill foirne na Comhairle sa Ghaeilge, cuid mhór acu ag pilleadh ar an teanga i ndiaidh na mblianta, agus dearcadh úr acu uirthi, í mar chuid dá saol oibre. Is é an rud is fearr faoin Teastas Eorpach ná go bhfuil 6 leibhéal ar leith ann, agus go dtig leis na foghlaimeoirí bogadh chun tosaigh sa teanga de réir a chéile, agus aitheantas agus cáilíocht a bhaint amach ag achan chéim ar an bhealach. Agus tá an t-ábhar teagaisc dírithe go huile is go hiomlán ar úsáid laethúil na Gaeilge, san ionad oibre agus i gcomhthéacs sóisialta, seachas ar chúrsaí staire ná ar chúrsaí litríochta”. Ghabh sé buíochas chomh maith leis na teagascóirí, Gearóidín Bhreathnach, Colette Nic Daibhéid agus Cáitlín Uí Chochlainn as an obair mhór a rinne siad i rith na bliana leis an chúrsa a theagasc.

Dúirt Seán Ó Longáin, Príomh-Fheidhmeannach Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall, go raibh sé lán-sásta bheith páirteach san ócaid, nuair a bronnadh an Teastas ar bhreis agus triocha ball d’fhoireann riaracháin an Choiste.

“Cuireadh an Cúrsa seo ar fáil d’fhoireann an Choiste mar pháirt de ghealltanas an Choiste leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh faoin Scéim a ullmhaíodh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tógann an Scéim ar an ghnás agus an cleachtas atá i bhfeidhm laistigh de Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall ó bunaíodh an Coiste sna triochadaí. Tá an Coiste ag cur cuid mhór seirbhísí trí mheán na Gaeilge, nó dhátheangach, ar fáil cheana fhéin, ar a n-áirítear seirbhísí do na pobail Ghaeltachta le cois eagraíochtaí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an Coiste tiomanta le déanamh cinnte go mbeidh dóthain ball foirne acu a bheas in inmhe seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil i ngach uile ionad/ scoil/ coláiste faoi bhráid an Choiste. I dtús báire, déanfar forbairt de réir a chéile ar sheirbhís ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge do chustaiméirí aonaracha sna hionaid nach bhfuil ar ár gcumas, i láthair na huaire, a leithéid de sheirbhís ar chur ar fáil. Tá an seans seo atá a thabhairt don fhoireann leis an cúrsa TEG á dhéanamh mar pháirt de pholasaí an Choiste oiliúint agus forbairt fhóirsteanach a sholáthar do na baill foirne go léir, ar mhaithe le freastal ar riachtanaisí ár gcustaiméirí agus ar mhaithe le lán-acmhainneacht na mball foirne a thabhairt chun foirfeachta le linn a dtréimhse oibre leis an Choiste seo.”

Tá an cúrsa TEG críochnaithe fosta ag grúpa foghlaimeoirí ón Ghaeltacht faoi bhráid Seirbhís Oideachas Aosaigh an Choiste agus tá súil go dtiocfaidh méadú ar an líon seo ar an bhliain seo chugainn.