Cruinniú de Bhord Údarás na Gaetlachta in Óstán Árann, Inis Mór, Co. na Gaillimhe

21 Meán Fómhair, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in Óstán Árann ar Inis Mór inniu (21 Meán Fómhair 2007).

Ag an chruinniú sin, ceadaíodh soláthar caipitil de €639,000 le ‘Páirc an Phobail’ a fhorbairt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá an pháirc, a bheidh timpeall 4 acra ar mhéid, á fhorbairt mar aitheantas dóibh siúd a bhunaigh an tEastát Tionscail ar an Screabán i nGaoth Dobhair i 1966. Beidh ‘Páirc an Phobail’ á fhorbairt mar áis shúgartha, chaitheamh aimsire agus scíthe do phobal an pharóiste. Tá tairiscintí á lorg ó chomhlachtaí faoi láthair le tabhairt faoin obair thógála.

Pléadh agus tugadh suntas do na forbairtí agus na gníomhaíochtaí atá idir láimhe ag an Údarás agus ag Comharchumann Forbartha Árann ar Inis Mór. Tugadh le fios go raibh 65 duine fostaithe go lánaimseartha ar an oileán ag deireadh 2006 i dtograí a fuair tacaíocht ón Údarás.

I measc na bhforbairtí atá idir láimhe tá:
Ionad Árann
Ionad turasóireachta atá á athfhorbairt faoi láthair le soláthar de €950,000 ón Údarás.

Ionad Fiontair Cholm Ó hIarnáin
Ionad Fiontair atá tógtha ag an Údarás ar chostas de €1 milliún agus atá tugtha ar léas do Chomharchumann Forbartha Árann mar áis oifige don Chomharchumann, le spás leabharlainne agus le dhá aonad fiontair a bhfuil tograí á lorg dóibh faoi láthair.

Áras Rónáin
Ionad cúraim aosaigh le ocht gcinn déag d’aonaid cónaithe, áiseanna cúraim lae agus áiseanna cúraim sláinte. Tá sé dhuine dhéag fostaithe ann faoi láthair. Chur an tÚdarás deontas fostaíochta ar fáil don togra.

Óstán Árann
Óstán atá forbartha ag an Uasal P J Ó Flatharta agus ag infheisteoirí eile le cabhair deontais ón Údarás. Tá ceithre dhuine fhichead fostaithe ar bhunús lán agus páirtaimseartha. Tá leathnúchán beartaithe ag an phríomhaí ina mbeidh breis seomraí agus ionad scíthe á fhorbairt.

Ionad Oideachais agus Teicneolaíochta Árann
Tá an t-ionad seo ina bhfuil seomraí agus trealamh oiliúna ar fáil ann, á reáchtáil ag Comharchumann Forbartha Árann agus bíonn réimse leathan de chúrsaí oiliúna á reáchtáil ann ag an Chomharchumann.

Timpeallacht na nOileán Teo
Tá ionad athchúrsála bruscair tógtha agus ag feidhmiú in Eoghanacht, Inis Mór. Tá Comharchumann Forbartha Árann Teo, Comharchumann Inis Meáin Teo agus Comhar Chaomhán Teo páirteach sa togra seo.