Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Dúnaibh, Co. Dhún na nGall

4 Bealtaine, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Dúnaibh, Co. Dhún na nGall inniu (Aoine 4 Bealtaine 2007). Ag an chruinniú sin ceadaíodh na tograí seo a leanas:

Áisleann Ghaoth Dobhair 2010, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Ceadaíodh soláthar caipitil de €7.6 milliún le Céim 1 de mór thogra Áisleann Ghaoth Dobhair a fhorbairt. Beidh an lárionad ilfheidhmeach cultúrtha, pobail, tráchtála agus áineasa seo á fhorbairt ar shuíomh iarmhonarcha Dianorm ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. I measc na háiseanna agus na seirbhísí atá beartaithe mar chuid den fhorbairt tá Leabharlann, Ionad Cúram Páistí (ó linbh go déagóirí), spás ealaíne/taispeántais, Ionad Taighde Teanga, Ionad Gorlainne/Nuálaíochta Gnó, Oifigí agus spás fiontraíochta.

Táthar dóchasach go mbeidh suas le 200 post á gcruthú nuair a bheidh an fhorbairt iomlán déanta.

D’eascair coincheap Áisleann Ghaoth Dobhair 2010 ó phlean a cuireadh le chéile d’athfhorbairt sean Eastát Tionscail Dhoirí Beaga tar éis mór chaillteanas post sa tréimhse 2000-2002 agus an t-easnamh soiléir a aithníodh ag an am sin in áiseanna óige, spóirt, oideachais, fiontraíochta agus ealaíon sa cheantar

Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta le gnó déantúsaíochta feisteas leighis a fhorbairt ar an Eastát Tionscail i gCorr na Móna. Tá sé beartaithe ag an gnó réimse táirgí don earnáil feistis leighis a sholáthar agus beidh na táirgí á gcríochnú, á steiriliú agus á ndáileadh ón ngnó i gCorr na Móna. Táthar ag súil go mbeidh 32 duine fostaithe agus an gnó faoi lán seoil.

Déantúsaíocht Dane-Elec Teo., An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta don chomhlacht Déantúsaíocht Dane-Elec Teo. sa Spidéal le cur ar a gcumas tuilleadh forbarta a dhéanamh

Forbairt na Dromada Teo., Co. Chiarraí
Ceadaíodh deontas caipitil de €41,250 do Fhorbairt na Dromoda Teo. le cur ar a gcumas an tríú aonad fiontraíochta atá ar an suíomh acu sa gCillín Liath a réiteach agus a chur in oiriúint do chuspóirí forbartha gnó.

Dexgreen Teo., Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta do Dexgreen Teo. i mBéal Átha an Ghaorthaidh le tacú leo táirgí nua a fhorbairt agus a thabhairt chun an mhargaidh.

Córas “Céatadán 1% don Ealaín Phobail” a chur I bhfeidhm
Aontaíodh go gcuirfí i bhfeidhm córas “Céatadán 1% don Ealaín Phobail” ar ghnéithe áirithe de chaiteachas caipitil an Údaráis. Cuirfear suas le 1% de bhuiséad tógála an Údaráis ar fáil mar mhaoiniú do thionscadail ealaíon sa Ghaeltacht. Ag brath ar chostas caipitil na mór thograí, is féidir maoiniú idir €25,000 go €64,000 a chur ar fáil do thionscadal ealaíne ag brath ar an togra a bheadh i gceist.

Oifig Réigiúnach an Údaráis agus Ionad Gnó Chasla, Co. na Gaillimhe.
Aontaíodh soláthar €3 mhilliún a chur ar fáil chun foirgneamh d’oifig nua réigiúnach an Údaráis agus spás gorlainne gnó/seirbhíse a thógáil ar Eastát an Údaráis i gCasla. Cuirfear pleananna le chéile agus lorgófar cead pleanála go luath.

Suíomh ag Baile na Finne, Co. Dhún na nGall
Aontaíodh suíomh straitéiseach dhá acra talún a cheannach i mBaile na Finne, faoi réir cead an Aire a bheith ar fáil, a bheidh mar acmhainn fhorbartha agus mar shuíomh d’fhorbairt Chomhlacht Traenach na Gaeltachta Láir (2000) Teo.

Suíomh ag Páirc Ghnó an Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall
Aontaíodh suíomh a dhíol le Comhairle Chontae Dhún na nGall le hionad athchúrsála tirim a fhorbairt ar an láthair ag Páirc Ghnó an Chlochán Liath.