Siúlóid 220km forbartha tríd Ghaeltacht Chonamara Bealach na Gaeltachta – Slí Chonamara oscailte go hoifigiúil

16 Aibreán, 2007

nóiméad léite

Inniu d’oscail an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D. an cian-bhealach siúlóide Bealach na Gaeltachta – Slí Chonamara ag ócáid in Óstán Chósta Chonamara sna Forbacha.

Is slí siúlóide é Slí Chonamara atá 220km ar fhad agus a shníonn amach as Cathair na Gaillimhe, siar le cósta timpeall an Spidéal, an Cnoc, Indreabhán, go dtí an Cheathrú Rua agus ar aghaidh ansin go Ceantar na nOileán. Leanann an tsiúlóid ar go Camas, Ros Muc agus siar fhad leis an Sraith Salach, áit a gceanglaíonn Slí Chonamara le Slí an Iarthar ag Mám Éan. Sníonn Slí Chonamara suas lár tíre chomh maith ó thuaidh ó Na Forbacha thar Leitir agus tríd coillte, thar locha agus tugtar dhá rogha bealaigh go Uachtar Ard, áit a cheanglaíonn an siúlóid le Slí an Iarthar arís ó thuaidh de Uachtar Ard. Tá Slí Chonamara anois aitheanta mar cheann de shiúlóidí aitheanta slí-mharcáilte na tíre seo.

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt An tAire Ó Cuív “níl aon amhras ach go bhfuil slí siúlóide mar áis thábhachtach le turasóirí a mhealladh chuig aon cheantar. Is dea-shampla é Slí Chonamara den bhealach gur féidir le páirtnéirí éagsúla – sa chás seo Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, úinéirí talún agus an pobal áitiúil – oibriú le chéile leis an áis seo a fhorbairt”.

Is iad Comhairle Chontae na Gaillimhe le tacaíocht airgeadais ó Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann a rinne an slí siúlóide a fhorbairt. “Bhí muid páirteach sa togra dúshlánach seo óna thús”, a dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin. Tréaslaím leis na páirtnéirí go léir a bhí páirteach agus a chuidigh linn an slí Gaeltachta seo a thabhairt chun críche agus a fháil aitheanta mar chian-bhealach siúlóide. Is iad ár n-acmhainní nádúrtha an láidreacht is mó atá againn anseo i gConamara agus atá mar bhun chloch le turasóirí a mhealladh chuig an cheantair”.

Ghabh Méara Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Michael Mullins, buíochas le Comhairle Spóirt na hÉireann a rinne cigireacht ar an tslí agus a thug comhairle agus tacaíocht rialta le linn an fhorbairt.