Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta

26 Márta, 2007

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine 23 Márta 2007 ceadaíodh na tograí thíosluaite:

Ealaín na Gaeltachta Teo.
Ceadaíodh deontas de €494,000 do Ealaín na Gaeltachta Teo. chun tacú leis an chomhlacht a chlár oibre i bhforbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm. I comhpáirtíocht leis An Chomhairle Ealaíon, cuireann Ealaín na Gaeltachta Teo. scéimeanna éagsúla ar fáil ina dtugtar deis d’ealaíontóirí agus do phobal na Gaeltachta tacaíocht a fháil le dul i mbun tionscnaimh ealaíona.

Cláir Oiliúna agus Oideachais
Ceadaíodh soláthar de €5.97 milliún do Saoi Teo. le clár oiliúna agus oideachais an Údaráis a mhaoiniú don bhliain 2007. Is fochuideachta de chuid an Údaráis é Saoi Teo. agus maoinítear na himeachtaí seo a leanas tríd an chomhlachta:

  • An Scéim Forbartha Printíseachta,
  • An Scéim Forbartha Bainistíochta,
  • Ollscolaíocht Trí Ghaeilge
  • An Clár Foghlama Fadsaoil, a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le daoine fásta cur lena gcuid scileanna agus a gcuid oideachais
  • An Clár Scoile, a chuireann cúrsaí gairmthreoir, scileanna staidéir, ceardlann físeán, cúrsa safepass agus rl. ar fáil do scoileanna dara leibhéal.

Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na Gall
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta le cuidiú leis na príomhaithe ionad scíth ilghnéitheach agus spá a fhorbairt ag Óstán na Cúirte, i nGaoth Dobhair.

Tubard Atlantach Teo, (Comharchumann Iascairí Ailt an Chorráin), Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall.
Ceadaíodh deontas taighde agus forbartha le tacú leis an chomhlacht tabhairt faoi thaighde agus forbairt ar fhás turbard in Ailt an Chorráin.

Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo., Acaill, Co. Mhaigh Eo
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta do Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo. chun cur ar a gcumas plean forbartha a ullmhú chun Lárionad Seirbhísí Pobail agus Gnó a fhorbairt ar shuíomh na Mainistreach, i mBun a Churraigh, Acaill.

Comharchumann Ráth Cairn Teo., Co. na Mí
Aontaíodh spás agus soláthar caipitil a chur ar fáil don Chomharchumann le cur ar a gcumas leabharlann agus cartlann a fhorbairt san Ionad Fiontraíochta i Ráth Cairn i gcomhar le Comhairle Chontae na Mí agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuat.

Aontec Teo., An Tulach, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta le leathnúchán agus breis forbartha a dhéanamh ag Aontec Teo. ar an Tulach le cuidiú leis an chomhlacht an gnó a fhorbairt thuilleadh agus cur leis an táirgiúlacht. Táthar ag súil go gcruthófar 39 post sa bhreis nuair atá an fhorbairt seo críochnaithe. Tá 136 duine fostaithe go lán aimseartha ag an chomhlacht i láthar na huaire.

Institiúid Mháirtín Uí Riain, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Carna, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh deontais d’Institiúid Mháirtín Uí Riain le tabhairt faoi dhá thogra taighde agus forbartha le cur ar a gcumas:

  • taighde breise a dhéanamh i gcomhar le comhlacht as na Stáit Aontaithe ar fhás piardóga nó cráifisc i bhfeirm éisc
  • forbairt a dhéanamh ar réimse de tháirgí mara don earnáil fhóillíochta ar nós iasc ornáideach, blátha mara agus coiréal mhara.

Is in Ionad Taighde na hInstitiúide i gCarna a dhéanfar an obair thaighde ar an dá thogra sin.