Fáilte roimh Acmhainn Tacaíochta agus Forbartha don Ghaeilge

12 Márta, 2007

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Oideachais agus Eolaíochta Máire Ní Ainiféin, go bhfuil Acmhainn Tacaíochta agus Forbartha Gaeilge le bunú i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhuirne faoi choimirce na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Creideann an tÚdarás go dtabharfaidh an cinneadh seo ugach dóibh siúd go léir atá ag plé leis an oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus tabharfaidh sé deis don Chomhairle agus don Údarás oibriú as láimh a chéile chun tógáil ar an gcéim thábhachtach fhorbartha seo chun struchtúr láidir tacaíochta a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta.

Cuireann an tÚdarás fáilte chomh maith roimh chinneadh an Aire líon na marcanna do labhairt na Gaeilge i scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta a mhéadú suas go daichead faoin gcéad mar creideann sé go rachaidh sé seo chun tairbhe do labhairt na Gaeilge trí chéile agus do tharraingteacht na gcoláistí samhraidh Gaeilge.