Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha

26 Eanáir, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha ar an Aoine 26 Eanáir 2007. Ag an chruinniú sin ceadaíodh na tograí thíosluaite:

Óstán Loch Altan, Gort a’ Choirce, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta le hionad scíthe agus linn snámha a fhorbairt ar an suíomh ag Óstán Loch Altan, Gort a’Choirce, Co. Dhún na nGall

An Meitheal Acmhainní, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh soláthar airgid breise le cur ar chumas Meitheal Acmhainní, Spórt agus Cultúrtha na Ceathrún Rua baillchríoch a chur ar an gcéad chéim do thogra a bhfuil sé do chuspóir aige áiseanna éagsúla spórt, chultúrtha agus oideachais a fhorbairt ar shuíomh atá a cheannach ar an gCeathrú Rua.

Muintearas na nOileán Teoranta, Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh deontas oiliúna de €530,000 do Mhuintearas na nOileán Teoranta le cur ar a gcumas clár tacaíochta, taighde oideachais agus oiliúna a reáchtáil in ionaid éagsúla Ghaeltachta i rith na bliana.

Óstan Smerbhic, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Ceadaíodh deontas chaipitil le hionad comhdhála a fhorbairt ag Óstán Smerbhic i nGallarus, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.

Donal Mc Monagail & a Mhic Teo.
Ceadaíodh deontas caipitil don chomhlacht Donal Mc Monagail & a Mhic Teo. le cuidiú leis an chomhlacht táirgí nua a tháirgiú in Alt Cloch, Mín an Aoire, Co. Dhún na nGall. Beidh méadú ar an fhostaíocht dá thoradh seo.

A-Truss Ltd, Ráth Chairn, Co. na Mí
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta don chomhlacht A-Truss Ltd. le cuidiú leis an chomhlacht gnó fráma ádhmaid tithíochta a fhorbairt ar shuíomh táirgeachta atá ag an chomhlacht i Ráth Chairn. Meastar go gcruthófar 45 post breise nuair atá an fhorbairt bhreise curtha i gcrích.

Mara Beo, An Daingean, Co. Chiarraí
Ceadaíodh deontas staidéar féidearthachta do Mhara Beo Teo. le tacú leis an chomhlacht na féidearthachtaí gnó a mheas le héisc tropaiceach a shíolrú, a bheathú agus a dhíol go náisiúnta.

Celtic Catalysts, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Ceadaíodh pacáiste cúnaimh don chomhlacht Celtic Catalysts le gnó saotharlainne agus seirbhís agus táirgí don tionscail cógasaíochta a bhunú agus a fhorbairt i mBaile Bhuirne. Tá an comhlacht seo, atá suite ar champas Ollscoil Bhaile Átha Cliath faoi láthair, i mbun taighde agus forbartha ar tháirgí cógasaíochta. Tá an comhlacht anois ag an stáid go bhfuil said ullamh chun seirbhís agus táirgí a sholáthar don earnáil cógasaíochta as a láithreán neamhspleách féin. Táthar ag súil go mbeidh 32 duine fostaithe agus an gnó faoi lán tseoil.

Páirc Ghnó an Daingin – Phás II
Ceadaíodh soláthar caipitil de €3.4m le spás fiontraíochta de 1,197 méadar cearnach a fhorbairt ar Pháirc Ghnó an Daingin ag Baile an Mhuilinn, An Daingean, Co. Chiarraí. Tá sé mar chuspóir áiseanna agus infreastruchtúr gnó d’archaighdeán a fhorbairt ar an láthair chun freastal ar riachtanais forbartha agus gnó an cheantair.