An Baile Beo – Duaiseanna – An tIarthar agus An Mhí

7 Nollaig, 2006

nóiméad léite

Bronnadh duaiseanna “An Baile Beo” do réigiún an Iarthair agus na Mí ag ócáid a bhí ar siúl in Óstán na Páirce sa Spidéal tráthnóna inniu. Is é Páid Ó Neachtain, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chontae na Gaillimhe a bhronn na duaiseanna. Roinneadh an duaischiste mar seo a leanas:

Rannóg na gComharchumann / na gComhlachtaí Pobalbhunaithe

An Mhí :

An Chéad Duais – Comharchumann Ráth Chairn : €3,000

Maigh Eo:

An Chéad Duais – Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla €3,000

An Dara Duais – Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhle Teo. €2,000

An Tríú Duais – Comhar Dún Chaocháin Teo. €1,000

Gaillimh

An Chéad Duais – Comhar Chaomhán Teo. €4,000

An Dara Duais – Comharchumann Shailearna Teo. €2,000

An Tríú Duais – Comhairle Cheantar na nOileán Teo. €1,000

Duais Aitheantais- Comharchumann Dhúiche Sheoigheach €1,000

Duais Aitheantais – Comharchumann Inis Meáin €1,000

Rannóg na nEagras Pobail

An Chéad Duais – Comhairle Pobail an Spidéil €3,000

Duais Aitheantais – Coiste Pobail Rosmuc €1,000

Is iad GaelSaoire i gcomhar le Comhairlí Chontae na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí urraithe an chomórtais.