An Baile Beo – Duaiseanna Réigiún an Deiscirt Bronnta

20 Samhain, 2006

nóiméad léite

Bronnadh duaiseanna “An Baile Beo” do réigiún an Deiscirt (Gaeltachtaí Chiarraí, Chorcaigh agus Port Láirge) de luach €18,000 ag ócáid in Óstán Ghobnatan i mBaile Bhúirne (8.i.n. Dé Mairt 21 Samhain).

‘Siad Micheál Ó Scanaill, Comhalta Boird Údarás na Gaeltachta a bhronn na duaiseanna.

Roinneadh an duaischiste mar seo a leanas:

Rannóg na gComharchumann / na gComhlachtaí Pobalbhunaithe

An Chéad Duais:Comharchumann Chléire Teo €3,000

An Dara Duais: Forbairt na Dromada Teo €2,000

Rannóg na nEagras Pobail

Ciarraí

An Chéad Duais: Coiste Forbartha Fionntrá €3,000

Corcaigh

An Chéad Duais: Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh €3,000

An Dara Duais: Comhairle Cosanta Ghaeltacht Chúil Aodha €2,000

Port Láirge (€3,000 roinnte)

An Chéad Duais (Roinnte): Coiste Forbartha an tSeanphobal €1,500

Comhairle Pobal na Rinne €1,500

Duaiseanna Aitheantais

Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo. €1,000

Coiste Pobail Lios Póil €1,000