Forbairt ar Ionad Cuairteoirí gar do Theach an Phiarsaigh aontaithe

17 Samhain, 2006

nóiméad léite

Tá costas iomlán measta de bhreis ar €2m luaite leis an togra agus beidh sé á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta. Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., go bhfuil cionroinnt €1m i leith an togra seo curtha san áireamh i Meastacháin 2007 a fógraíodh inniu.

Tógfar an foirgneamh mar chuid de chlár chaipitil an Údaráis agus, nuair a bheidh an fhorbairt críochnaithe, tabharfar ar lámh é don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le bheith mar chuid den chnuasach ionad oidhreachta/cuairteora atá i seilbh na Roinne sin. Is ar Oifig na nOibreacha Poiblí a bheidh an cúram an t-ionad nua a reachtáil agus a bhainistiú faoi ghnáth-chórais na hoifige sin d’ionaid dá leithéid.

Tá sé beartaithe foirgneamh timpeall 300 méadar cearnach a fhorbairt ina mbeidh fáiltiú, láthair taispeántais, saoráidí closamhairc agus seomra tae. Beidh spás páirceála in aice láimhe ag an ionad chomh maith. Tá sé i gceist go dtabharfaidh an t-ionad cuairteoirí tuiscint don phobal ar an bPiarsach, a shaol, a chuid litríochta, an Ghaeilge agus an Gaelachas.

“Is cinnte go rachaidh an t-ionad cuairteoirí atá beartaithe go mór chun sochair don cheantar agus don tionscal turasóireachta sa réigiún”, a dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin. “Is infheistíocht straitéiseach é seo atá riachtanach i gceantar atá tearcfhorbartha ó thaobh áiseanna turasóireachta de”.

Beidh grúpa oibre á bhunú i dtús na hathbhliana idir na páirtithe leasmhara leis an fhorbairt a chur chun cinn.