Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nDoire

3 Samhain, 2006

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in Óstán na Cathrach i nDoire ar an Aoine 3 Samhain 2006. Ag an chruinniú sin ceadaíodh na tograí thíosluaite:

Staidéar Eadar-Institiúideach Taighde agus Forbartha ar an Oideachas Gaeilge
Ceadaíodh deontas taighde agus forbartha do chomhpháirtíocht ceithre institiúid tríú leibhéal le staidéar a dhéanamh ar na riachtanais san earnáil oideachais trí Ghaeilge maidir le hacmhainní, soláthar foirne, scileanna inaistrithe agus soláthar cúrsaí. Siad na hinstitiúidí atá páirteach ann ná Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG, Institiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, Ollscoil Mhá Nuat agus Coláiste na Tríonóide. Táthar ag súil le cómhaoiniú ó Fhondúireacht Eolaíochta na hÉireann tríd an Údarás um Ardoideachas.

Fuinneamh Glas Teo., Inis Meáin
Ag éirí as grinnscrúdú teicniúil agus airgeadais atá á dhéanamh ar an gcóras dí-shalannaithe ar Inis Meáin ceadaíodh soláthar airgid don chomhlacht Fuinneamh Glas Teo. le cur ar a chumas déileáil le riachtanais reatha an fhaid atá an scrúdú ar bun. Le linn an staidéir seo tá plé á dhéanamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le soláthar uisce d’Inis Meáin sa bhfadtéarma, reáchtáil an chórais díshalannaithe san áireamh.

Somex Ltd., Baile Bhúirne, Co. Chorcaí
Ceadaíodh tacaíocht airgeadais agus suíomh a chur ar fáil don togra Somex Ltd. atá le athlonnú ó Mhaigh Chromtha go Baile Bhúirne. Is gnó é seo a dhearann agus a tháirgíonn innealra tomhais leictreonach don tionscal dí. Tá forbairt á dhéanamh ag an ngnó de bharr go bhfuil méadú suntasach tagtha ar éileamh tháirgí an chomhlachta. Beidh an fhorbairt seo á dhéanamh i mBaile Bhúirne ar shuíomh de chuid an Údaráis ar Eastát Gnó Bhaile Bhúirne.

Táthar ag súil go mbeidh 9 fostaithe ag an ngnó agus é faoi lán tseoil i mBaile Bhúirne.

Brian de Staic Teo, An Daingean
Ceadaíodh tacaíocht airgeadais do Bhrian de Staic Teo., An Daingean chun tacú leis an gcomhlacht margaí breise a aimsiú agus a fhorbairt.