Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, Cill Charthaigh, Co. Dhún na Gall.

2 Lúnasa, 2006

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in Áislann Chill Chárthaigh, Cill Chárthaigh, Co. Dhún na nGall ar an Aoine seo caite, 28 Iúil 2006.

Ag an chruinniú ceadaíodh tacaíocht do réimse leathan do thograí ina meastar go gcruthófar suas le 316 post ina iomlán, ina measc tá:

1) Ionad Scrúduithe Teoranta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Ceadaíodh tacaíocht airgeadais agus spás oibre don chomhlacht úr seo atá á chur ar bun chun an gnó tástála atá ar siúl ag Euro Iompú Teo. a chur ar bhonn aonarach agus a fhorbairt. I measc na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil ag an chomhlacht beidh réamh-chigireacht ar fheithiclí roimh thástáil, an tástáil a dhearadh, tástáil ar shuíocháin d’fheithiclí agus cigireacht ar fheithiclí tar éis obair cheartúcháin a bheith déanta.

2) Dromchla Cumhacht Teo, Tuar Mhic Éadaigh

Ceadaíodh pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chabhródh chun comhlacht a fhorbairt i dTuar Mhic Éadaigh, le saineolas faoi leith i dtáirgí gabháil fuinneamh. I measc na seirbhísí agus táirgí a chuirfidh Dromchla Cumhacht Teo ar fáil beidh seirbhís chomhairleoireachta maidir le gabháil fuinneamh nádúrtha agus fuinneamh ó fhoinsí éagsúla a bhainistiú agus a chomhnascadh, muilte beaga gaoithe, gineadóirí leictreachais, agus córas téamh uisce ag úsáid painéil gréine.

3) Teagmháil Acla Teo, Oileán Acla

Ceadaíodh pacáiste airgeadais a chabhródh leis an gcomhlacht cur leis an bhfostaíocht san ionad teagmhála idirnáisiúnta i nGob an Choire in Acaill. Aontaíodh spás breise a chur in oiriúint don ghnó agus é a ligean ar léas leis an gcomhlacht.

4) Erris Homes Ltd., Béal an Mhuirthead

Ceadaíodh deontas caipitil don chomhlacht chun tacú leis na príomhaithe Ionad Scíthe agus Linn Snámha a fhorbairt mar chuid de Óstán nua “Broadhaven Bay Hotel”.

5) Comhar Chaomhán Teo., Inis Oírr

Ceadaíodh deontas caipitil a íoc chun cabhrú le Comhar Chaomhán Teo. inneall nua JCB a cheannach chun tabhairt faoi scéimeanna agus oibreacha tógála ar an oileán.

6) Meitheal Éisc Teoranta, Cill Chiaráin

Ceadaíodh deontas chaipitil don chomhlacht chun chabhrú leo trealamh feirmeoireachta éisc a cheannach chun cur leis an bhforbairt atá ar siúl acu i gCuan Chill Chiaráin.

7) Saotharlann Chonamara Teo., Ros Muc

Ceadaíodh pacáiste tacaíochta chun cuidiú leis an gcomhlacht forbairt a dhéanamh ar an saotharlann i Ros Muc agus ionad bheag a fhorbairt i nGaeltacht na hAchréidh. Tá Saotharlann Chonamara Teo. ar cheann de na comhlachtaí seirbhísí saotharlainne is mó anois in Iarthar na hÉireann ag cur seirbhís ar fáil i dtástáil cheimiceach, tástáil microbiological agus ag cur seirbhísí oiliúna agus iniúchta ar fáil do chomhlachtaí chun a chinntiú go bhfuil a gcuid innealra, foirgnimh agus córais oibre ag cloí leis na caighdeáin atá leagtha síos.

8) Bia Faughan Teo., Ráth Chairn

Ceadaíodh pacáiste tacaíochta le cuidiú leis an gcomhlacht forbairt mhór a dhéanamh ar a ghnó próiseála bia i Ráth Chairn. Tá i gceist cur amach agus láimhdeachas na comhlachta a mhéadú, táirgí a sholáthar do ghrúpaí móra miondíolacháin, tús a chur le heaspórtáil go dtí an Ríocht Aontaithe agus táirgí nua a fhorbairt.

9) Comharchumann Ráth Chairn Teo., Ráth Chairn

Ceadaíodh deontas staidéar féidearthachta le cuidiú leis an gComharchumann staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le leathnúchán a chur leis an ionad pobail i Ráth Chairn ina mbeadh áiseanna breise ar nós seomraí ranga, bialann, spás do lámhcheardaíocht/ealaíon, seomra lae don aosach agus bun seirbhísí eile.

10) Adhmad Chill na Martra Teo., Cill na Martra

Aontaíodh deontas caipitil a íoc chun cabhrú leis an gcomhlacht táirgíocht a mhéadú. Tá i gceist ag an gcomhlacht próiseas uathoibreach chun cuaillí a lomadh agus a thriomú a insealbhú chun freastal ar mhargadh méadaithe an chomhlachta do chuaillí adhmaid.

Scéimeanna Fostaíochta Pobail agus Sóisialta Tuaithe

Ag an chruinniú chomh maith ceadaíodh tacaíocht bhreise do na Scéimeanna Fostaíochta Pobail agus Sóisialta Tuaithe. Ardaíodh an deontas caipitil a íoctar faoi dhó, ó €200 go €400 i leith gach rannpháirtí ar an scéim. Íoctar an deontas caipitil i leith costais ábhair d’obair na scéime. Tá 850 rannpháirtí páirteach sna scéimeanna atá á riaradh ag an Údarás, ag MFG agus ag eagrais fhorbartha pobail eile mar Clár LEADER Comhar Iorrais agus Comhdháil Oileáin na hÉireann. Íoctar an liúntas i leith rannpháirtithe leis an heagrais sin faoi scéim an Údaráis.