Comhlacht Seirbhísí Airgeadais fógartha do Chillín Liath, Co. Chiarraí

26 Meitheamh, 2006

nóiméad léite

D’fhógair an tAire, Ealaín, Spóirt agus Turasóireachta, Seán Ó Donnchú, T.D., inniu go raibh 18 post á gcruthú in ionad nua seirbhísí tacaíochta airgeadais a bheidh lonnaithe in Ionad na Dromoda sa Chillín Liath, Máistir Gaoithe, ag an Credit Data Corporation (Europe) Ltd.

Tá réiteach uathúil idirlín forbartha ag Credit Data Corporation (Europe) Ltd ar an bhfadhb a ghabhann le híocaíochtaí malla ar fhiacha trádála. Is de bharr treoir ó Choimisiún na hEorpa maidir le seachaint íocaíochtaí malla ar idirbheartaíochtaí trádála a spreag an smaoineamh don tionscadal seo. Measann Coimisiún na hEorpa go gcailltear 450,000 post san Eoraip gach bliain agus go bhfuil baint aige seo leis an gcúis go dteipeann ar cheann amháin as gach ceithre chomhlacht. Soláthraíonn Credit Data Corporation (Europe) Ltd seirbhís uathúil sonraí creidmheasa ar líne agus cuirtear eolas maidir le cuntais thar téarma agus gnólachtaí ag a mbíonn íocaíochtaí malla ar fáil trí suíomh idirlín www.tradeacct.com.

Cuirfear tús le hearcú foireann nua láithreach. Dúirt an tAire Ó Donnchú “go mbeidh an tionscadal agus an deis fostaíochta d’ardchaighdeán a chruthófar thar a bheith tábhachtach don limistéar agus go gcuideoidh sé le forbairt agus le cothú an phobail áitiúil sa todhchaí”.

Tá os cionn leath mhilliún Euro infheistithe sa tionscadal, ag tabhairt san áireamh deontais fostaíochta agus oiliúna ó Údarás na Gaeltachta. “Táimid thar a bheith sásta go bhfuil ar ár gcumas tacaíocht agus áisitheoireacht a dhéanamh ar an tionscadal seo”, a dúirt Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta. “Is dea-shampla é seo d’fheidhmiú pholasaí an Údaráis i leith infheistíocht soghluaiste a mhealladh chuig ceantar tuaithe a bhfuil ar a chumas ionaid ghnó oiriúnacha, foireann oilte agus na seirbhísí teileachumarsáide cuí a sholáthar”. Thug sé aitheantas d’Fhorbairt na Dromoda Teo, grúpa áitiúil pobail a oibríonn i bpáirtnéireacht leis an Údarás, ar a bheith chomh tionscantach sin i bhforbairt ionaid fiontraíochta in Ionad na Dromada agus cláir oiliúna IT a sholáthar ann.

“Is áit iontach é Ciarraí agus trí phoist atá ag teastáil go géar a chruthú anseo, tá mé ríméadach go bhfuil ar mo chumas beart dearfach mac seo a dhéanamh don Chontae atá tar éis an oiread sin a dhéanamh dom”, a dúirt an tUasal Ken Wainwright, Bainisteoir Stiúrtha.