Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha

27 Márta, 2006

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha ar an Aoine 24 Márta:

  • ceadaíodh maoiniú de €4.75m do Saoi Teo. chun cláir éagsúla oiliúna agus oideachais an Údaráis a mhaoiniú don bhliain 2006. San áireamh iontu seo tá: An Scéim Forbartha Printíseachta, An Scéim Forbartha Bainistíochta, Ollscolaíocht trí Ghaeilge, An Clár Foghlama Fadsaoil agus An Clár Scoile.
  • ceadaíodh maoiniú de €450,00 do Ealaín na Gaeltachta Teo. chun cur ar a gcumas leanúint lena gclár i bhforbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht i gcomhpháirtíocht leis An Chomhairle Ealaíon.
  • ceadaíodh pacáiste cúnaimh do Mhuintearas na nOileán i dTír an Fhia chun clár oiliúna nua, a luíonn le clár Náisiúnta FÁS “Céim Amháin Suas” a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht don tréimhse 2006/2007. Tá sé mar sprioc ag an chlár seo breis oideachais, cáilíochtaí breise, agus scileanna breise a chur ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe, fostaithe nó ar scéimeanna FÁS. Tá sé i gceist ag Muintearas na cúrsaí seo a leanas a eagrú: Clár Oiliúna i bhFiontraíocht do dhaoine féinfhostaithe; Cúrsa Céime i Scríobh Ilmheáin; Margaíocht Leictreonach don Tionscal Failteachais; Clár Oiliúna Scileanna Cumarsáide do Bhainisteoirí agus Cinnirí; Oiliúint Áisitheoirí maidir le Riachtanaisí Speisialta.
  • aontaíodh soláthar airgid a cheadú chun an réamhobair phleanála, na léaráidí cuí a ullmhú agus cead pleanála a lorg d’fhorbairt suíomh an Údaráis ag Baile an Fheirtéaraigh Thiar mar Lárionad Forbartha agus Oiliúna.
  • cuireadh in iúl don chruinniú go bhfuil €2.1m ar fáil i gcomhar deontar reachtála do chomharchumainn/comhlachtaí pobalbhunaithe don bhliain seo. Tá treoir tugtha do na comharchumainn go bhfuiltear ag iarraidh orthu díriú isteach ar na hearnálacha seo a leanas don bhliain reatha: forbairt pobail; forbairt na Gaeilge; forbairt turasóireachta agus forbairt fuinnimh.
  • ceadaíodh soláthar airgid do Arramara Teo. i gCill Chiaráin chun cur ar a gcumas clár forbartha caipitil a chur i bhfeidhm.
  • ceadaíodh deontas taighde & forbartha do Bhard na nGleann Teo. i mBéal Átha an Ghaorthaidh chun cur ar a gcumas clár taighde agus forbartha a chur i gcrích chun seirbhís/táirge nua a fhorbairt.
  • ceadaíodh deontas staidéar féidearthachta don chomhlacht Jedcoe Teo. chun cur ar a gcumas staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le togra déantús sorn millíní adhmaid a chur ar bun in iarmhonarcha Maysteel in Indreabhán.