Chomh maith leis an tacaíocht atá ar fáil tríd an scéim “Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh“, tá an tÚdarás ag cur tacaíochtaí breise ar fáil. Má cheadaítear d’iarratas ó d’údarás áitiúil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun cabhair bhreise a fháil.
Do dhaoine aonair, tabhair faoi deara go mbeidh ar iarrthóirí Leibhéal B2 sa Ghaeilge a bheith bainte amach acu tríd an scrúdú TEG, agus tá an tÚdarás ag soláthar tacaíochta chun an leibhéal seo a bhaint amach. Tuilleadh eolais faoi www.teg.ie
.