Scéim Thacaíochta Oiliúna
- Is Scéim Thacaíochta Oiliúna é Glasoiliúint le ciste de €50,000 san iomlán chun ceardaithe agus daoine proifisiúnta Gaeltachta a spreagadh maidir le scileanna nua a fhorbairt nó scileanna nua a fhoghlaim i réimse dá gcuid oibre a bhaineann le caomhnú fuinnimh nó i dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite.
- Cuirfear suas le €2,000 ar fáil ag ráta 75% i dtreo táillí teagaisc agus costais taistil (más gá) do chúrsaí aitheanta faoi riail ‘de minimis’ do cheardaithe agus daoine proifisiúnta sa Ghaeltacht.
Coinníollacha
- Tá an scéim seo dírithe ar cheardaithe/chomhlachtaí a bhfuil a ngnó lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá an scéim seo ábhartha duit más mian leat aistriú isteach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite.
- Beidh sé mar choinníoll deontais go mbeidh aon ghnó a fhaigheann tacaíocht faoin scéim seo lonnaithe sa Ghaeltacht. Íocfar an deontas faoi réir threoirlínte ‘de minimis’.
- Is gá gur cúrsaí aitheanta na cúrsaí seo, a bheidh dírithe ar chúrsaí forbairt gairme, scileanna a fheabhsú agus scileanna nua a fhorbairt.
- Ní íocfar aon deontas i leith cúrsaí lánaimseartha.
- Is cúrsaí páirtaimseartha amháin atá i gceist.
Cuspóir na Scéime
- Tá éileamh an-mhór ar scileanna leictreacha, pluiméireachta, innealtóireachta, ailtireachta, suiteála, tógála agus díonlach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Tá infheistíocht á déanamh ar thuirbíní gaoithe amuigh ón gcósta agus éileamh ar phainéal gréine, coirí leictreacha agus teaschaidéil ag méadú freisin. Tá deiseanna móra fostaíochta san earnáil seo.
- Is é aidhm na scéime seo ná breis oiliúint a thabhairt do cheardaithe agus daoine proifisiúnta atá ag iarraidh aistriú isteach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite mar chuid dá gcuid oibre.
An bhfuil an cúrsa aitheanta agat? / Ar mian leat cur le do scileanna gairmiúla?
An leictreoir thú?
An pluiméir thú?
An innealtóir/ailtire thú?
An tógálaí/díonadóir thú?
Tá éileamh mhór ar na scileanna gairmiúla thuasluaite in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Is féidir cur leis na scileanna atá bainte amach agat go dtí seo agus tabhairt faoi:

NB: Níl an liosta teoranta, is samplaí iad seo! Tá sé suas duitse cén cúrsa ar mhaith leatsa tabhairt faoi!
Is cúrsa páirtaimseartha é seo d’oibrithe ar mian leo forbairt ghairmiúil a bhaint amach.
* Má tá aon cheist agat is féidir rphost a sheoladh chuig oiliúint@udaras.ie agus tiocfaimid ar ais chugat le freagra.
.