Dearbhú & Toiliú ón nGnó

Tabhair faoi deara le do thoil

  1. Tá an t-eolas uile atá iarrtha ar an bhfoirm seo riachtanach le gur féidir leis an Údarás an t-iarratas ar dheontas a mheas.
  2. Níor chóir glacadh leis gur ionann an fhoirm seo a líonadh agus a bheith i dteideal deontais dá thoradh sin, ná ní thugann sé le tuiscint fiú go gceadófar an deontas.
  3. Aontú maidir le Gníomhaíocht a Thuairisciú
    Má cheadaítear an t-iarratas seo, aontaíonn tú / sibh tuairisc a thabhairt ar staid reatha an ghnó i ndiaidh chur i bhfeidhm an tionscadail. D’fhéadfadh ceisteanna maidir le fostaíocht, láimhdeachas, onnmhairí, costais, agus leanúint ar infheistíocht a bheith san áireamh sa tuairisciú seo agus féadfaidh Údarás na Gaeltachta, Roinn Stáit, nó meastóirí neamhspleácha ceadaithe é a dhéanamh. Beidh an t-aiseolas seo riachtanach chun a chinntiú go bhfuil an scéim ag obair go maith do ghnólachtaí cosúil le do cheannsa / bhur gceannsa atá ag baint leas aisti. Ina theannta sin, aontaíonn tú tagairt a dhéanamh do do ghnó / do bhur ngnó i gcás ábhair staidéir, a d’fhéadfaí a úsáid chun an Scéim Digitithe Gnó a chur chun cinn ar bhonn níos forleithne.
  4. An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014
    Tagann an tÚdarás faoi scáth an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. Ní scaoilfidh Údarás na Gaeltachta aon eolas a fhaightear mar chuid den iarratas seo mura bhfuil sé riachtanach de réir dlí, an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 san áireamh. Rachaidh Údarás na Gaeltachta i gcomhairle le hiarratasóirí, i ngach cás inar gá faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, sula ndéantar cinneadh maidir le scaoileadh eolais faoin Acht sin.
  5. Cosaint Sonraí
    Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do mheas a léiriú ar do phríobháideacht agus é a chosaint. Caithfimid leis an uile shonra pearsanta mar shonra faoi rún agus ní úsáidfimid é ach amháin do na cuspóirí a bhfuaireamar é. Leagtar amach inár Ráiteas Príobháideachta do chearta príobháideachta agus insíonn duit mar a bhailíonn, a úsáideann, a phróiseálann agus a nochtann muid, mar Rialaitheoir, do chuid sonraí pearsanta i leith do chuid teagmhála linn.
  6. Agus meastóireacht á déanamh ar iarratas ar mhaoiniú, d’fhéadfadh sé go dteastódh ón Údarás fiosrúcháin ábhartha a dhéanamh trí bhainc nó trí ghníomhaireachtaí eile.
  7. An Teanga
    Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo an bunchuspóir atá le polasaí Údarás na Gaeltachta. Déanann an tÚdarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí scéimeanna maoinithe a chur ar fáil le tacú le forbairt fiontair agus le tionscnaimh chruthaithe fostaíochta. Iarrtar ar an iarratasóir, leis seo, an Ghaeilge a chur chun tosaigh ina ghnó mar chuid de chur i bhfeidhm an togra seo. Beidh lúcháir ar Rannóg Pleanála Teanga an Údaráis an ghné seo den togra a phlé leis an iarratasóir agus moltaí a dhéanamh maidir le chun cinn na Gaeilge sa ghnó.
.

    .