gteic@Gaoth Dobhair,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Co. Dhún na nGall.
F92 PT38
Tá gteic@Gaoth Dobhair lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@Gaoth Dobhair ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.
Cad é féin?
Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.
An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic@Gaoth Dobhair.
Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le gaothdobhair@gteic.ie
Tabhair d’aire:
San áireamh sa phraghas tá:
Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad
Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le gaothdobhair@gteic.ie
San áireamh sa phraghas tá:
Bunaigh do ghnó i gteic agus bain leas as áis chruthaitheach agus bhríomhar.
Rátaí cíosa iomaíocha agus socruithe léasaithe solúbtha ar iarratas.
*Tá coinníollacha conartha 24 mí ar a laghad i bhfeidhm do gach iarratasóir.
Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le gaothdobhair@gteic.ie
San áireamh sa phraghas tá:
Tá gteic@Gaoth Dobhair lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, atá suite tamall beag ón N56 ar an mBun Beag i gceantar iarthuaiscirt Dhún na nGall. Tá daonra c. 17,000 i nGaoth Dobhair agus sa cheantar máguaird. Tá Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall suite laistigh de 15km (10 míle) den Pháirc Ghnó agus tá eitiltí rialta go Baile Átha Cliath (eitilt a thógann 40 nóim) agus go Glaschú ar fáil ann. Tá Aerfort Dhoire 97km (60 míle) as Gaoth Dobhair agus cuireann sé sin rogha eitiltí idirnáisiúnta ar fáil, chomh maith leis an dá aerfort idirnáisiúnta atá i mBéal Feirste. Ní raibh ceangal leis an Iarthuaisceart chomh maith riamh, le fáil ar mhargaí na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus margaí eile na hEorpa go héasca.
Ríomhphost: gaothdobhair@gteic.ie