gteic@Árainn Mhór,
An Leadhb Gharbh,
Árainn Mhór,
Co. Dhún na nGall.
F92 HTP6
Tá gteic@Árainn Mhór lonnaithe in Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@Árainn Mhór ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.
Cad é féin?
Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.
An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic@Árainn Mhór.
Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le ArainnMhor@gteic.ie
Tabhair d’aire:
San áireamh sa phraghas tá:
Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad
Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le ArainnMhor@gteic.ie
Lonnaithe i gceantar álainn Árainn Mhór, trí mhíle amach ó chósta Dhún na nGall ar Shíl an Atlantaigh Fhiáin, is é gteic@Árainn Mhór an t-aon spás comhionaid digiteach amach ón gcósta in Éirinn.
Ríomhphost: ArainnMhor@gteic.ie