Tá oileáin Ghaeltachta rannpháirteach san fho-chlár “30 Oileán do 2030” ina bhfuil tacaíocht a thabhairt do na rannpháirtithe ina dturais chun dícharbónú iomlán a dhéanamh ar á gcuid pobail. Is é aidhm an togra seo ná tacú le 30 oileán ar fud na hEorpa pleananna a chur le chéile chun a bheith saor ó charbón faoin mbliain 2030.
Tá Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mar pháirtí réigiúnach don gclár sin. Rannpháirteach sa chlár tá na hoileáin Ghaeltachta a leanas – Oileáin Árainn, Oileán Chléire agus Toraigh/Árainn Mhór (co-iarratas ) . Tá Foireann Gníomhaíochta Aeráide aimsithe ag gach iarrthóir agus clár oibre socruithe. Beidh comhairle ghairmiúil agus teicniúil – dar bhfiú tuairim is €70,000 thar 3 bliana – ar fáil do gach grúpa rannpháirteach. Tá réimse leathan de thograí a mheas faoi láthair ag na h-oileáin Ghaeltachta rannpháirteach , ina measc – tuirbín gaoithe pobail, feirm PV pobail, staidéar ar mhodhanna uasghrádaithe do thithe cloiche, anailís ar stoc iomlán tithe ar oileáin agus deiseanna ar fhuinneamh tonnta/taoide.
Ghlac Údarás ceannasaíocht – i gcomhar leis an bhFoireann Gníomhaíochta Aeráide áitiúil – ar eagrú comhdháil idirnáisiúnta dírithe ar “Mhodhanna Maoinithe do Thograí Fuinnimh Pobail”, a ritheadh ar Oileán Chléire ar an 30 Meán Fómhar 2025.
Tá tuilleadh eolais faoin gclár ar fáil anseo.