Cuid A: Treoirlínte na Scéime
1. Aidhm na Scéime
Is scéim í seo atá deartha le buntáiste digiteach a thabhairt do chliaint Údarás na Gaeltachta. Cuirtear tacaíocht ar fáil le sainchomhairleoirí digiteacha a aimsiú le cuidiú le gnólachtaí:
- Anailís a dhéanamh ar chórais dhigiteacha an ghnó le bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le freastal ar riachtanais ghnó a shainaithint.
- Deiseanna a thapú leis na córais atá sa ghnó cheana féin a fheabhsú le hoibríochtaí gnó a fheabhsú trí comhtháthú le córais nua.
- Treoir a fháil maidir le seirbhísí digiteacha nua nó feabhsaithe a chur i bhfeidhm.
.
Cuidíonn an scéim le gnólachtaí:
- An strus a bhaineann le gnó a reáchtáil a laghdú.
- Torthaí gnó a fheabhsú.
- An t-am a chaitear ar thascanna riaracháin a laghdú.
- Ceanglais rialála a chomhlíonadh go héifeachtach.
- Córais Bhainistíochta Caidrimh Custaiméirí (BCC) a chomhtháthú.
- Próisis a fheabhsú/a éascú do thaithí dhigiteach a gcuid custaiméirí
- Léargas ar fheidhmíocht an ghnó a fheabhsú, agus
- Foireann a choinneáil
.
2. Incháilitheacht
Tá an Scéim Digitithe Gnó oscailte d’fhiontair bheaga (a bhfuil idir duine agus 50 duine fostaithe iontu) agus:
- ar cuideachta, duine féinfhostaithe nó comhpháirtíocht iad agus atá i mbun trádála faoi láthair
- atá bunaithe agus ag trádáil le 6 mhí, ar a laghad
- atá cláraithe agus ag feidhmiú laistigh den Ghaeltacht
- atá sócmhainneach mar a léirítear sna ráitis airgeadais a sholáthraítear.
Beidh na fiontair seo a leanas i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim chomh maith:
- Eagraíochtaí spóirt atá i bun gnó agus a bheadh inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás I nó II de Sceideal D murach díolúine atá leagtha amach in alt 235 den Acht Comhdhlúite Cánach
- Áirítear faoi scóip na scéime chomh maith carthanais atá i mbun gnó a bheadh inmhuirearaithe i leith cánach mar ioncam trádála, murach díolúine ó cháin a bheith ar fáil faoi alt 208 den Acht Comhdhlúite Cánach
Ní mór imréiteach cánach reatha a bheith ag gnólachtaí ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór do ghnólachtaí Uimhir Thagartha Cánach agus Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach a sholáthar lena stádas Imréitigh Cánach a fhíorú ar thairseach ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.
.
3. Gnólachtaí Neamh-incháilithe /
- Gnólachtaí a bhfuil stádas carthanachta acu, eagraíochtaí tráchtála leathstáit, eagraíochtaí ‘seachbhrabúsacha’, comhlachais trádála, comhlachtaí ionadaíocha amhail Cumainn Tráchtála.
- Gnólachtaí atá ag feidhmiú in earnáil an ghuail nó in earnáil na cruach.
- Gnólachtaí atá gníomhach in earnáil phríomhúil na talmhaíochta, an iascaigh nó an dobharshaothraithe.
- Gnólachtaí atá páirteach i ngníomhaíochtaí neamh-incháilithe nó a bhfuil riosca do-ghlactha clú ag baint leo, dar leis an Údarás. Áirítear ar ghníomhaíochtaí neamh-incháilithe gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- Earnáil an chearrbhachais, (mar a shainmhínítear san Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956).
- Siamsaíocht do dhaoine fásta.
- Tobac agus táirgí gaolmhara.
- Táirgí atá bunaithe ar channabas nach n-údaraítear mar chógais leighis.
Tabhair faoi deara nach liosta uileghabhálach é seo. Ba cheart aon cheist maidir le hincháilitheacht gníomhaíochta a chur ar Údarás na Gaeltachta le go ndéanfaí measúnú ar an gcás.
.
4. An Tacaíocht atá ar Fáil
Is scéim Mheantóireachta/Chomhairliúchán í an Scéim Digitithe Gnó faoinar féidir le gnólacht leas a bhaint as comhairle saineolaí dhigitigh le tacú le tionscnamh digiteach gnó-thiomáinte treoir phraiticiúil a d’fhéadfadh díriú ar na gneithe a leanas:
- Anailís a dhéanamh ar chórais dhigiteacha an ghnó le bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le freastal ar riachtanais ghnó a shainaithint.
- Deiseanna a thapú leis na córais atá sa ghnó cheana féin a fheabhsú le hoibríochtaí gnó a fheabhsú trí comhtháthú le córais nua.
- Treoir a fháil maidir le seirbhísí digiteacha nua nó feabhsaithe a chur i bhfeidhm.
.
5. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo
- Plean Gníomhaíochta Digití a chruthú, le tionscnaimh spriocdhírithe don chéad 3-6 mhí eile.
- Cuirfidh an sainchomhairleoir tuarascáil tionscadail faoi bhráid an Údaráis – tuarascáil ina n-áireofar Cuspóir, Gníomhaíochtaí, Dúshláin, Sainaithint Deiseanna, Plean Gníomhaíochta agus gnóthachain ar éifeachtacht oibríochtúil a d’fhéadfadh a bheith ann arna sainaithint.
Íocfaidh an tÚdarás na costais chomhairleacha go díreach leis an gcomhairleoir nuair a chuirfear tuarascáil/plean críochnaitheach ar fáil – ní ghearrfar aon chostas ar an gcliant.
.
6. Scéim Forbartha Digití /
Is féidir le hiarratasóirí a bhaineann leas as an Sceim Digitithe Gnó a bPlean Gníomhaíochta Digití a úsáid ansin le hiarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le tacaíocht a lorg faoin Scéim Forbartha Digití le riachtanais/spriocanna an Phlean a chomhlíonadh. Cuirtear maoiniú suas le €2,500 ar fáil tríd an Scéim seo (ag ráta deontais 50% den chaiteachas incháilithe) le hinfheistíocht a dhéanamh i mbogearraí agus i gcumraíocht oiliúna/TF le tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chliaint ar a dturas digitithe.
.