Polasaí um Chosaint Sonraí Údarás na Gaeltachta

Cosaint Sonraí

Bunaithe ar an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, leagtar síos sa bPolasaí um Chosaint Sonraí seo bonn do gach fostaí san eagraíocht chun an tuiscint atá acu ar na coincheapa um chosaint sonraí agus feasacht ar a bhfreagrachtaí aonair ina leith seo a fhorbairt. Cuirfidh sé sin ar chumas na heagraíochta a hoibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh maidir leis an reachtaíocht um chosaint sonraí i ngach réimse dá cuid oibríochtaí.

Feidhmíonn an tÚdarás faoin Acht um Údarás na Gaeltachta 1979-2010 agus Acht na Gaeltachta 2012. Faoi Acht na Gaeltachta 2012 “(3A) Féadfaidh an tÚdarás cibé scéimeanna, tionscadail, cláir agus saoráidí is cuí leis a sheoladh, a rialú agus a bhainistiú sa Ghaeltacht i leith fhorbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta.”  Chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, caithfidh Údarás na Gaeltachta sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leis an mBord, Foireann, Cliaint, Tríú Páirtithe agus dreamanna eile de phobal na eagraíochta reatha, roimhe seo agus amach anseo, a bhailiú agus a phróiseáil.  Rialaitheoir agus próiseálaí sonraí pearsanta is ea Údarás na Gaeltachta.

1. Réamhrá

Is é misean Údarás na Gaeltachta:

“Pobal agus geilleagar fuinniúil, rathúil, inbhuanaithe Gaeltachta a fhorbairt agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta a neartú agus a bhuanú le go mbeidh an Ghaeltacht mar réigiún den scoth ar chaighdeán domhanda.”

Tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh cearta agus príobháideachas daoine a chosaint de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus go dtuigtear na cearta a thugann na hAchtanna agus an Rialachán maidir le Cosaint Sonraí do dhaoine agus na freagrachtaí a chuireann na hAchtanna agus an Rialachán ar bhaill foirne Údarás na Gaeltachta a phróiseálann sonraí pearsanta ina gcuid oibre.

2. Cuspóir

Baineann an Polasaí um Chosaint Sonraí seo le foireann iomlán Údarás na Gaeltachta, idir bhuan agus sealadach, Comhaltaí Boird, baill foirne a oibríonn ar bhonn conartha don eagraíocht, agus le daoine eile atá údaraithe chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag Údarás na Gaeltachta. Ba cheart an polasaí seo a léamh in éineacht le polasaithe agus nósanna imeachta ábhartha eile na heagraíochta. Féadfaidh Údarás na Gaeltachta cur leis an bpolasaí seo nó é a leasú le polasaithe agus treoirlínte eile ó am go ham.

3. Scóip

Baineann an polasaí seo le feidhmeanna próiseála iomlána na heagraíochta maidir le sonraí pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha sainaitheanta nó so-aitheanta, lena n-áirítear feidhmeanna próiseála a dhéantar ar chliaint, fostaithe, soláthraithe agus aon sonraí pearsanta eile a phróiseálann Údarás na Gaeltachta ó fhoinse ar bith.

Sainmhínítear sonraí pearsanta mar aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó so-aitheanta (‘ábhar sonraí’); duine nádúrtha so-aitheanta is ea duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir cosúil le hainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.

Sainmhínítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta mar shonraí pearsanta a nochtann tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

4. Prionsabail um Chosaint Sonraí

Chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, caithfidh Údarás na Gaeltachta na prionsabail um chosaint sonraí a chomhlíonadh mar atá leagtha amach sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016, ar féidir achoimre mar seo a leanas a dhéanamh orthu:

4.1            Dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht

Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cothrom agus trédhearcach maidir leis an té is ábhar do na sonraí. Bailítear faisnéis ón mBord, ón bhfoireann, ónár gcliaint agus ó dhreamanna eile den phobal. I dtaobh faisnéise atá á choinneáil ag an eagraíocht ar dhaoine eile (Comhaltaí Boird, daoine a dhéanann iarratas ar phoist laistigh den eagraíocht, iarratas ar dheontais), is gnách go soláthraíonn na daoine an fhaisnéis iad féin le toiliú iomlán agus feasach, agus a cuireadh i dtoll a chéile fad a bhí siad fostaithe nó ar chonradh leis an eagraíocht. Caitear leis na sonraí sin go léir i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016 agus le téarmaí an Pholasaí um Chosaint Sonraí seo. Déanfar an fhaisnéis sin a fháil agus a phróiseáil go cóir.

 

4.2              Teorannú de réir cuspóra

Baileofar sonraí pearsanta chun críche sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil a thuilleadh ar bhealach nach mbeidh de réir na gcríoch sin. Má dhéantar tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun staidrimh a dhéanamh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1) den RGCS, go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh.

 

4.3              Íoslaghdú sonraí

Beidh sonraí pearsanta leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun críocha a bpróiseála.

 

4.4              Cruinneas

Beidh sonraí pearsanta cruinn agus, i gcás inar gá, coinneofar suas chun dáta iad. Déanfar gach iarracht réasúnta a chinntiú go scriosfar nó go gceartófar sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, chun críocha a bpróiseála.

 

4.5              Teorannú stórála

Níor chóir sonraí pearsanta a choinneáil níos faide ná mar is gá do na cuspóirí sonraithe.  Féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide ach gan na sonraí sin a phróiseáil cé is moite de chartlannú a dhéanamh orthu ar mhaithe le leas an phobail, taighde eolaíoch nó stairiúil a dhéanamh nó chun staidrimh a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 89(1) den RGCS, faoi réir chur i bhfeidhm na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d’fhonn cearta agus saoirsí an té is ábhar do na sonraí a choimirciú.

4.6          Sláine agus rúndacht

Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach a chinnteoidh slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á bhaint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla.

5. Cearta na nÁbhar Sonraí

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta polasaithe agus nósanna imeachta i dtoll a chéile agus cuirfidh sé oiliúint ar fáil chun cearta na n-ábhar sonraí seo a leanas a chur i bhfeidhm:

 

5.1              Ceart rochtana don ábhar sonraí

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta nósanna imeachta i bhfeidhm chun a chinntiú go ndéanfar iarratais rochtana ó ábhar sonraí ar a sonraí pearsanta féin a shainaithint agus a chur i gcrích de réir na reachtaíochta.

 

5.2              An ceart go ndéanfaí ceartúcháin

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta sonraí na ndaoine is ábhar do na sonraí a choinneáil cruinn agus cuirfear próisis agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun a chinntiú gur féidir leis na hábhair sonraí a gcuid sonraí féin a cheartú i gcásanna ina sainaithnítear eolas míchruinn iontu.

 

5.3             An ceart go ndéanfaí léirscrios (an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad)

Ní phróiseálfaidh Údarás na Gaeltachta sonraí pearsanta ach amháin i gcás go bhfuil bonn dleathach ann chun é sin a dhéanamh. Sa gcás go bhfaigheann Údarás na Gaeltachta iarratas ó ábhair sonraí atá ag iarraidh a gceart go ndéanfaí léirscrios, déanfaidh Údarás na Gaeltachta measúnú an féidir na sonraí a léirscriosadh gan tionchar a bheith aige sin ar chumas na heagraíochta leasa agus seirbhísí a sholáthar don ábhar sonraí amach anseo.

 

5.4              An ceart go gcuirfí srian le próiseáil

Measfaidh Údarás na Gaeltachta an féidir feidhmiú ar iarratas ábhar sonraí chun srian a chur le próiseáil a s(h)onraí.

 

5.5              An ceart chun iniomparthachta sonraí

Ní phróiseálfaidh Údarás na Gaeltachta sonraí pearsanta ach amháin i gcás go bhfuil bonn dleathach ann é sin a dhéanamh. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann le hábhair sonraí bailithe ag Údarás na Gaeltachta le toiliú nó le conradh, tá an ceart ag an té is ábhar do na sonraí na sonraí a fháil i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín, agus tá an ceart acu na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile.

 

5.6              An ceart agóid a dhéanamh

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh maidir le próiseáil a sonraí pearsanta   féin i gcúinsí sonracha, mar atá leagtha amach in Airteagal 21 den RGCS. I gcás ina bhfaightear gearán den chineál sin, déanfaidh Údarás na Gaeltachta gach cás a mheas ar a thuillteanais.  Faoi Acht na Gaeltachta 2012 “(3A) Féadfaidh an tÚdarás cibé scéimeanna, tionscadail, cláir agus saoráidí is cuí leis a sheoladh, a rialú agus a bhainistiú sa Ghaeltacht i leith fhorbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta.”

 

5.7              An ceart gan a bheith faoi réir cinnteoireachta uathoibrithe

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gan a bheith faoi réir chinneadh a bhunaítear ar phróiseáil uathoibrithe amháin, i gcás ina mbíonn éifeacht dhlíthiúil nó shuntasach ag cinneadh den chineál sin air nó uirthi. I gcás ina gcuirfear córais nó próisis i bhfeidhm, lena n-áirítear sochair nó seirbhísí, cinnteoidh Údarás na Gaeltachta go mbeidh ceart iomchuí achomhairc ar fáil don ábhar sonraí.

 

5.8              An ceart gearán a dhéanamh

Beidh próiseas gearán i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta a bheidh ábhair sonraí in ann a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí (OCS). Oibreoidh an tOCS i gcomhar leis an té is ábhar do na sonraí chun déileáil leis an ngearán chun sástacht an dá pháirtí. Cuirfear an t-ábhar sonraí ar an eolas maidir lena c(h)eart gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

6. Freagrach as an bpolasaí seo

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta dlíthe ábhartha iomlána an AE agus na hÉireann maidir le sonraí pearsanta a chomhlíonadh, agus sonraí agus saoirsí na ndaoine a chosaint.

Tá freagracht ar gach ball foirne san Údarás, agus freisin ar thríú páirtithe atá ag obair ar son na heagraíochta agus a bhailíonn agus/nó a rialaíonn astu féin inneachar agus úsáid sonraí pearsanta, a chinntiú go mbailítear, go gcoinnítear agus go láimhseáiltear sonraí pearsanta go cuí. Tá freagracht ar gach ball foirne a láimhseálann sonraí pearsanta a chinntiú go láimhseáiltear agus go bpróiseáiltear iad i gcomhréir leis an bpolasaí seo, le dea-chleachtas agus de réir na reachtaíochta.

7. Freagrachtaí na heagraíochta

Tá freagracht ar Údarás na Gaeltachta as an méid seo a leanas:

7.1        Taifead a choinneáil de phróiseáil sonraí

Coinneoidh Údarás na Gaeltachta taifead de ghníomhaíochtaí próiseála sonraí ar an mbealach atá leagtha amach in Airteagal 30 den RGCS é. Chun cruinneas sonraí a chinntiú, déanfaidh gach rannóg athbhreithniú ar na taifid atá ina seilbh go bliantúil.

 

7.2        Bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí a chinntiú

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil sonraí pearsanta á gcosaint agus chun é sin a léiriú.

 

7.3        Comhaontuithe cuí a chur i bhfeidhm le tríú páirtithe

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta comhaontuithe agus conarthaí cuí i bhfeidhm le gach tríú páirtí lena roinntear sonraí pearsanta. Cuimsíonn an téarma ‘tríú páirtí’ ranna agus gníomhaireachtaí eile de chuid Rialtas na hÉireann. Cuirfear gach comhaontú den chineál sin i bhfeidhm i scríbhinn sula gcuirfear tús le haistriú na sonraí. Sa gcomhaontú sin, leagfar amach go sonrach cuspóir an aistrithe, an riachtanas do shlándáil leordhóthanach, an ceart chun deireadh a chur le próiseáil agus srian a chur le tuilleadh aistrithe chuig páirtithe eile, agus áireofar ann go bhfreagrófar iarratais ar eolas agus go mbeadh ceart iniúchadh a dhéanamh.

 

7.4        Cosaint sonraí d’aon ghnó agus ar bhonn réamhshocraithe

Sula gcinntear an modh próiseála agus le linn na próiseála féin chomh maith, cinnteoidh Údarás na Gaeltachta go mbeidh bearta agus cosaintí teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm sa bpróiseas agus go gcloífear leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí.

 

7.5        Measúnuithe Tionchair maidir le Cosaint Sonraí (MTCSanna)

I gcás ina mbeidh riosca suntasach ann do chearta agus do shaoirse ábhair shonraí mar thoradh ar chineál nua próiseála, go háirithe má bhaintear leas as teicneolaíochtaí nua, déanfaidh Údarás na Gaeltachta Measúnú Tionchair maidir le Cosaint Sonraí (MTCS). Mar chuid den phróiseas seo, roinnfear cóip den mheasúnú tionchair le hOifigeach um Chosaint Sonraí na heagraíochta. I gcás nach féidir le hÚdarás na Gaeltachta a theacht ar bhearta a mhaolódh na rioscaí suntasacha a sainaithníodh, rachaidh an eagraíocht i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí sula gcuirfear tús leis an bpróiseáil.

 

7.6        Sáruithe maidir le sonraí pearsanta

Sainmhínítear ‘sárú maidir le sonraí pearsanta’ mar shárú ar shlándáil as a dtiocfadh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe a bheith faighte ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó go neamhdhleathach.

Tá prótacal forbartha ag Údarás na Gaeltachta chun sáruithe maidir le cosaint sonraí a láimhseáil, agus cuimsíonn sé sin modheolaíocht chun dul i ngleic le sárú maidir le sonraí pearsanta agus chun fógra a thabhairt ina leith don CCS agus d’ábhair sonraí nuair is gá.

 

7.7        Saoráil Faisnéise

Tá dualgas ar Údarás na Gaeltachta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 eolas maidir lena gníomhaíochtaí a fhoilsiú agus an t-eolas atá á choinneáil, lena n-áirítear eolas pearsanta, a chur ar fáil do shaoránaigh agus do chliaint.  Cuirfidh Údarás na Gaeltachta nósanna imeachta i bhfeidhm chun a chinntiú go gcomhlíonfar iarratais ar shonraí pearsanta go cuí, bíodh siad sin faoin reachtaíocht um chosaint sonraí nó faoin reachtaíocht um shaoráil faisnéise.

 

7.8        Rialachas

Déanfaidh Údarás na Gaeltachta faireachán ar chomhlíonadh na reachtaíochta ábhartha trí pholasaithe agus nósanna imeachta na heagraíochta.

8. Freagrachtaí an Oifigigh um Chosaint Sonraí

An tOifigeach um Chosaint Sonraí

Faoi Airteagal 37 den RGCS, ní mór do gach comhlacht poiblí Oifigeach um Chosaint Sonraí (OCS) a cheapadh.  Tá an tOCS freagrach do Rúnaí an Bhoird agus tá na nithe seo a leanas i measc na bhfreagrachtaí a bheidh orthu:

  1. An t-eolas is déanaí a thabhairt don fhoireann ar fad maidir le freagrachtaí, rioscaí agus saincheisteanna maidir le cosaint sonraí;
  2. Tacaíocht a chur ar fáil maidir le cosaint sonraí laistigh den eagraíocht;
  3. Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta ábhartha um chosaint sonraí;
  4. Athbhreithniú agus nuashonrú rialta a dhéanamh, mar is iomchuí, ar pholasaithe cosanta sonraí iomlána na heagraíochta;
  5. Polasaithe na heagraíochta maidir le cosaint sonraí a chur in iúl do gach ball foirne agus dóibhsean a luaitear sa bpolasaí seo, agus oiliúint agus comhairle iomchuí maidir le cosaint sonraí a eagrú dóibh;
  6. Comhairle a sholáthar, nuair a éilítear í, i dtaca leis na Measúnuithe Tionchair maidir le Cosaint Sonraí agus faireachán a dhéanamh go gcuirfear na measúnuithe sin i gcrích ar chaighdeán iomchuí;
  7. Comhairle a thabhairt ar ábhair a bhaineann le cosaint sonraí ó bhaill foirne, comhaltaí Boird agus geallsealbhóirí eile;
  8. Freagra a thabhairt ar dhaoine aonair, amhail cliaint agus fostaithe, ar mian leo a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú;
  9. Dul i gcomhairle le baill foirne chun a chinntiú go gcuirfear comhaontuithe cuí maidir le próiseáil sonraí i bhfeidhm le tríú páirtithe a láimhseálann sonraí na heagraíochta, agus a chinntiú go ndéanfar athbhreithniú rialta ar thríú páirtithe;
  10. Cinntiú go ndéanfar nuashonrú ar thaifead na próiseála sonraí de réir mar is gá;
  11. Feidhmiú mar phointe teagmhála don Choimisiún um Chosaint Sonraí agus comhoibriú leo.

9. Freagrachtaí Foirne

Tá freagracht ar aon duine a phróiseálann sonraí ar son na heagraíochta an Polasaí um Chosaint Sonraí seo a chomhlíonadh.

 

9.1        Oiliúint agus Feasacht

Gheobhaidh an fhoireann ar fad oiliúint chuí maidir leis an RGCS, cosaint sonraí agus bainistiú taifead. Gheobhaidh baill foirne nua oiliúint mar chuid den phróiseas ionduchtúcháin.  Coinneofar an fhoireann go léir ar an eolas maidir le dualgais chosanta sonraí trí fhógraí rialta ón Oifigeach um Chosaint Sonraí agus cumarsáid leanúnach le Comhordaitheoirí um Chosaint Sonraí na hEagraíochta.

 

9.2        Teip i gcomhlíonadh an pholasaí um chosaint sonraí

Tá dualgas ar gach ball foirne a chinntiú go gcomhlíonfar na prionsabail um chosaint sonraí agus go gcloífear le forálacha an pholasaí seo. Leagtar an fhreagracht ar gach ball foirne a chinntiú gur i gcomhréir leis an reachtaíocht um chosaint sonraí agus leis an bpolasaí seo a phróiseálfaidh siad aon sonraí mar chuid dá ndualgas laethúil. Féadfaidh gníomh smachtaithe a bheith mar thoradh ar sháruithe ar an bpolasaí seo.

10. Próiseálaí Tríú Páirtithe

Mar chuid d’fheidhmiú Údarás na Gaeltachta mar rialaitheoir sonraí pearsanta, baintear úsáid ó am go ham as próiseálaí sonraí chun sonraí pearsanta a phróiseáil thar ceann Údarás na Gaeltachta.

I ngach cás, déantar an phróiseáil ar chonradh aontaithe, ag cinntiú go bhfuil an próiseálaí ag próiseáil sonraí pearsanta de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016.

Caithfear gach comhaontú atá beartaithe idir Údarás na Gaeltachta agus tríú páirtí a ullmhú i gcomhar leis an Rannóg Rúnaíochta.

11. Ceisteanna maidir leis an bPolasaí um Chosaint Sonraí

Tá tuilleadh eolais maidir le cosaint sonraí ar ár láithreán gréasáin, is féidir leat féachaint air anseo.

Ba cheart ceisteanna nó ábhair imní maidir le polasaithe na heagraíochta maidir le sonraí pearsanta a chur chuig an tOifigeach um Chosaint Sonraí ag:

 

An tOifigeach um Chosaint Sonraí

Údarás na Gaeltachta,

Na Forbacha,

Co. na Gaillimhe,

H91 TY22.

 

Rphost: acs@udaras.ie

Aguisín 1

Sainmhíniú ar na téarmaí a úsáidtear maidir le cosaint sonraí pearsanta agus a bhfuil tagairt dóibh sa bPolasaí seo

 

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí – Sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018, tugtar cearta do dhaoine aonair agus cuirtear freagrachtaí ar dhaoine a láimhseálann, a phróiseálann, a bhainistíonn agus a rialaíonn sonraí pearsanta. Ní mór d’fhoireann iomlán na heagraíochta cloí le forálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí nuair a dhéanann siad sonraí pearsanta a bhailiú agus a stóráil. Baineann sé sin le sonraí pearsanta maidir le fostaithe na heagraíochta agus freisin le daoine aonair a bhíonn i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta.

 

Sonraí – Faisnéis atá i bhfoirm is féidir a phróiseáil. Áirítear leis sin sonraí uathoibrithe nó leictreonacha (aon fhaisnéis ar ríomhaire nó faisnéis a thaifeadtar lena cur ar ríomhaire) agus sonraí láimhe (faisnéis a thaifeadtar mar chuid de chóras comhdúcháin ábhartha nó lena cur i gcóras comhdúcháin ábhartha).

 

Sonraí pearsanta – Sonraí a bhaineann le duine beo atá le haithint nó is féidir a aithint ó na sonraí, nó ó na sonraí in éineacht le faisnéis eile atá, nó a d’fhéadfadh a bheith i seilbh an rialaitheora sonraí.

 

Catagóirí speisialta sonraí pearsanta – Sonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

 

Córas comhdúcháin ábhartha – Measfar aon tacar faisnéise a eagraítear de réir ainm, Uimhir PSP, uimhir phárolla, uimhir fostaí, dáta breithe, nó aon aitheantóir uathúil eile, a bheith ábhartha.

 

Próiseáil sonraí – Oibríocht nó sraith oibríochtaí ar bith a dhéanamh ar shonraí, lena n- áirítear:

 

  • Na sonraí a fháil, a thaifeadadh nó a choinneáil;
  • Na sonraí a bhailiú, a chur in eagar, a stóráil, a athrú nó a oiriúnú;
  • Na sonraí a aisghabháil, breathnú orthu nó iad a úsáid;

 

  • Na sonraí a nochtadh trí iad a tharchur, a scaipeadh nó a chur ar fáil ar bhealach eile;
  • Na sonraí a ailíniú, a chumasc, a bhlocáil, a scrios nó a léirscrios.

 

Ábhar sonraí – Duine is ábhar do na sonraí pearsanta.

 

Iarratas ar Shonraí Pearsanta – Nuair a dhéanann duine iarratas chuig an eagraíocht chun a s(h)onraí pearsanta faoin reachtaíocht um chosaint sonraí a nochtadh.

 

Rialaitheoir sonraí – Duine (ina (h)aonar nó le daoine eile) a rialaíonn inneachar agus úsáid na sonraí pearsanta.

 

Próiseálaí sonraí – Duine a phróiseálann faisnéis phearsanta thar ceann an rialaitheora sonraí, m.sh. fostaí in eagraíocht a seachfhoinsíonn an rialaitheoir sonraí obair chucu. Cuireann na hAchtanna dualgais ar na daoine a dhéanann próiseáil ar shonraí. Nóta: Ní thagraíonn próiseálaí sonraí d’fhostaí de chuid an rialaitheora sonraí.

 

Sárú maidir le sonraí pearsanta – Sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe, sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó go neamhdhleathach.

Aguisín 2

Cuspóir:

Is é misean Údarás na Gaeltachta:

“Pobal agus geilleagar fuinniúil, rathúil, inbhuanaithe Gaeltachta a fhorbairt agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta a neartú agus a bhuanú le go mbeidh an Ghaeltacht mar réigiún den scoth ar chaighdeán domhanda.”

 

Cur Síos:

Na críocha ar fad a bhaineann le feidhmeanna na heagraíochta a chomhlíonadh, lena n-áirítear:

  • Riarachán Ginearálta (eolairí teileafóin, liostaí teagmhálaithe, liosta dáileacháin, seoltaí ríomhphoist, scannánaíocht TCI a choinnítear ar feadh 28 lá):
  • Seirbhísí agus Feidhmchláir TF (seoltaí ríomhphoist, uimhreacha foirne);
  • Bainistíocht Airgeadais agus Pearsanra (sonraí maidir le fostaithe, tuarastail, asbhaintí, stair oibre, CVanna, agus sonraí pearsanta de réir mar is gá);
  • Cláir, deontais, próisis agus nósanna imeachta a bhaineann leis an eagraíocht (sonraí agus taifid iarratasóirí a iarrtar sa phróiseas iarratais);
  • Sonraí maidir le Comhaltaí Boird an Údaráis (sonraí teagmhála, CVanna, sonraí bainc chun táillí/costais a íoc);
  • Saoráil Faisnéise (sonraí teagmhála na n-iarratasóirí);
  • Ceadúnú, deimhniúchán agus údaruithe de réir mar is cuí don eagraíocht;
  • Sonraí maidir le próisis chomhairliúcháin phoiblí.

Daoine/Eintitis lena nochtar nó a d’fhéadfaí sonraí a nochtadh:

  • An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus aon Aire eile dá sanntar freagracht as feidhmeanna na heagraíochta, nó nuair is gá agus is iomchuí;
  • An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta;
  • Baill den Oireachtas agus a gcuid dualgas ionadaíoch agus parlaiminte á gcomhlíonadh acu;
  • Ranna/Oifigí Rialtais;
  • Gníomhaireachtaí Stáit;
  • Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim;
  • An tÚdarás Pinsean;
  • An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Oifig na Seirbhíse Náisiúnta Comhroinnte;
  • An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí;
  • An Coimisiún um Chosaint Sonraí;
  • An Garda Síochána;
  • Oifig an Choimisinéara Faisnéise;
  • Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus an tArd-Aighne;
  • Saoráil Faisnéise – nochtadh sonraí faoi na hAchtanna SF;
  • Láithreán gréasáin na heagraíochta – tá sonraí maidir le gnéithe áirithe d’obair na heagraíochta ar fáil ar an láithreán gréasáin, mar is iomchuí;
  • Baill foirne údaraithe – tá sonraí pearsanta ar fáil do bhaill foirne atá údaraithe agus iad sin amháin, agus tá sé seo faoi chosaint ag rochtain theoranta ar

Aguisín 3

An Reachtaíocht um Chosaint Sonraí a Fhorfheidhmiú

 

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Mar thoradh ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 a bunaíodh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (CCS). Is é an Coimisiún an t-údarás maoirseachta agus tá sé freagrach as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis an reachtaíocht um chosaint sonraí. Tá na feidhmeanna go léir a bhí tugtha don Choimisinéir Cosanta Sonraí aistrithe chuig an gCoimisiún anois.

Ní bheidh níos mó ná 3 chomhalta ar an gCoimisiún, de réir mar a chinneann an Rialtas. Tabharfar Coimisinéir um Chosaint Sonraí ar gach ball den Choimisiún.

I measc na ndualgas atá ar an gCoimisiúin tá feasacht agus tuiscint an phobail a chur chun cinn i dtaobh rioscaí, rialacha, bearta cosanta agus cearta maidir le próiseáil, gearáin ó ábhar sonraí a láimhseáil, agus obair i gcomhar le (lena n-áirítear faisnéis a roinnt le) húdaráis cosanta sonraí eile atá i mballstáit eile an AE.

Tá raon leathan cumhachtaí forfheidhmithe ag an gCoimisiún lena chinntiú go bhfuil na prionsabail um chosaint sonraí á gcomhlíonadh.  Áirithe leis sin tá fógraí dlíthiúla a sheirbheáil chun iallach a chur ar rialaitheoir eolas atá ag teastáil chun cuidiú lena bhfiosrúcháin a sholáthar, iallach a chur ar rialaitheoir foráil san Acht a chur i bhfeidhm srl.

Déanann an Coimisiún imscrúdú ar ghearáin a dhéanann an pobal i gcoitinne maidir leis an gcaoi a dhéanann eagraíocht próiseáil ar a sonraí pearsanta. Mar shampla, tá an Coimisiún in ann oifigigh a údarú chun dul isteach in áitreabh agus iniúchadh a dhéanamh ar fhaisnéis phearsanta a choinnítear ar ríomhaire nó i gcóras ábhartha comhdúcháin páipéir. Tá tuilleadh eolais maidir le hábhair imní nó sáruithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist maidir le do chearta cosanta sonraí a nochtadh ar fáil anseo.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún fíneáil riaracháin a ghearradh ar rialaitheoir nó próiseálaí atá ina údarás poiblí nó ina chomhlacht poiblí, ní bheidh fíneáil thar €1,000,000 i gceist.

 

Iarratas a dhéanamh ar Shonraí Pearsanta

Faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, tá sé de cheart ag daoine aonair cóip d’aon fhaisnéis phearsanta atá á choinneáil fúthu ar ríomhaire nó ar chóras comhdaithe struchtúrtha a fháil ó Údarás na Gaeltachta.

 

Ní mór iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig an seoladh thíos chun cóipeanna de shonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag Údarás na Gaeltachta a fháil:

 

An tOifigeach um Chosaint Sonraí

Údarás na Gaeltachta,

Na Forbacha,

Co.  na Gaillimhe,

H91 TY22.

Rphost: acs@udaras.ie

 

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an gceart rochtana, lena n-áirítear Foirm Iarratais ar Shonraí Pearsanta, a fháil anseo.

 

 

Iarratais Rochtana a Fhreagairt

Nuair a fhaightear iarratas bailí, tá dualgas ar an eagraíocht é a fhreagairt laistigh d’aon mhí amháin, fiú i gcás nach bhfuil sonraí pearsanta á gcoinneáil. I gcás ina mbíonn iarratais chasta nó ina mbíonn líon mór iarratas i gceist, is féidir síneadh ama dhá mhí a chur leis an teorainn ama sin.

Níl aon táille i gceist chun iarratas rochtana a dhéanamh ar do shonraí pearsanta féin, ach amháin i gcás ina meastar iarratas a bheith gan bhunús nó iomarcach.

Baineann eisceachtaí áirithe le nochtadh sonraí, lena n-áirítear sonraí tríú páirtí, sonraí faoi phribhléid dlí, nó sonraí atá ag teastáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú nó a chúisiú.

Faoi Alt 61(1) den Acht um Chosaint Sonraí 2018, ceadaítear srianta a chur ar chearta ábhar sonraí i gcás ina ndéantar próiseáil sonraí chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail.

Cé leis a mbainfidh an polasaí?

Cé leis a mbainfidh an polasaí?

Baineann an polasaí le foireann iomlán na eagraíochta agus leis an mBord.

 

Sonraí Pearsanta a bhaineann le Daoine atá Básaithe

Is é an dea-chleachtas atá ann ná go gcoinnítear na sonraí pearsanta a bhaineann le duine básaithe agus go bpróiseáiltear iad ar an gcaoi chéanna is a dhéantar le sonraí pearsanta duine beo.

 

Cóip dá S(h)onraí Pearsanta a thabhairt don duine sin, nuair a iarrtar é sin

Chun iarratas ar rochtain a dhéanamh, ní mór do dhuine iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifigeach um Chosaint Sonraí na heagraíochta trí Fhoirm Iarratais ar Shonraí Pearsanta (féach Aguisín 4) a líonadh agus a sheoladh chuig acs@udaras.ie.

 

Cosaint Sonraí Údarás na Gaeltachta 

Chun cuidiú le fostaithe an Polasaí seo a chur i bhfeidhm, tá na nósanna imeachta maidir le cosaint sonraí le fáil ar líonra inmheánach na heagraíochta. Leagann na rialacháin seo amach príomhréimsí oibre na heagraíochta sa gcás ina bhféadfadh fadhbanna cosanta sonraí teacht chun cinn agus leagtar amach an dea-chleachtas chun déileáil leo.

 

Sonraí pearsanta a choinneáil cruinn, iomlán agus suas chun dáta

Sonraí pearsanta a cheartú

Déanann muid gach iarracht a chinntiú go mbíonn sonraí pearsanta cruinn agus suas chun dáta.

 

Má mheastar nach bhfuil do chuid sonraí pearsanta cruinn nó ábhartha, is féidir teagmháil a dhéanamh linn i scríbhinn nó trí rphost ag acs@udaras.ie

Ba chóir duit míniú soiléir a thabhairt ar na sonraí pearsanta atá i gceist agus na cúiseanna a mheastar iad a bheith míchruinn nó gan a bheith bainteach le hábhar.

 

Leasóidh muid na sonraí laistigh de 30 lá, sin nó tabharfaidh muid míniú ar an bhfáth nach ndéanfaidh muid amhlaidh.