Bunaíodh Tinteáin Mhúscraí in 1979 agus tá sé ar cheann de na déantóirí agus soláthróirí is mó de chuntair oibre eibhir agus grianchloiche, teallaigh, leaca uaighe agus leaca cuimhneacháin. Déanann Tinteáin Mhúscraí a dtáirgí áille eibhear agus grianchloch a dhearadh agus a suiteáil go proifisiúnta. Déantar na táirgí go sonraíocht an chustaiméara, tugtar aird faoi leith ar riachtanais an chustaiméara agus is táirgí d’ardchaighdeán a dhéantar.
Tá os cionn 1,000 cliaint ag Tinteáin Mhúscraí ar fud na tíre, agus is é an fócas is mó atá acu ná seirbhís an chustaiméara den scoth agus caighdeán maith ar airgead a thabhairt don chustaiméir.
Le tacaíocht agus maoiniú ó Údarás na Gaeltachta bhí an comhlacht in ann trealamh nua a cheannach a chuidigh leo táirgí nua a réiteach agus méadú ar an déantúsaíocht.