Céard é Pleanáil Teanga?

Is éard is brí leis an bPleanáil Teanga ná idirghabháil eagraithe a bhfuil sé de sprioc aici dul i bhfeidhm ar iompar nó ar chreidimh teanga.  

Is é an sprioc atá leis an bPróiseas Pleanála Teanga ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail. Déantar é seo trí phleananna teanga a fheidhmiú i gceantair nó i limistéir aitheanta a chuirfidh le húsáid na Gaeilge i réimsí áirithe sa phobal – m.sh. sa teaghlach, i measc na hóige, sa chóras oideachais, san earnáil ghnó agus san earnáil phoiblí. Cuirtear tacaíocht ar fáil do na pobail leis na pleananna sin a chur i bhfeidhm agus fostaítear Oifigigh Pleanála Teanga agus Oifigigh Chúnta le tabhairt faoin obair sin. 

An Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht

Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as comhordú an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Ó achtaíodh Acht na Gaeltachta in 2012, tá an Ghaeltacht anois roinnte ina 26 ceantar éagsúil, ar a dtugtar Limistéir Pleanála Teanga (LPT). De réir an Achta, caithfidh pobal gach LPT plean teanga a ullmhú dá gceantar féin le go n-aithneofar an limistéar mar limistéar Gaeltachta feasta. 

Chomh maith leis na LPT, tá trí bhaile Gaeltachta aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG).

I gcás na LPT agus na BSG seo, roghnaítear eagraíocht sa phobal sin mar cheanneagraíocht chun an próiseas a stiúradh ar an talamh. Aontaítear plean teanga seacht mbliana leis an gceanneagraíocht, agus tá gach ceantar ag staid dhifriúil den phróiseas: tá roinnt de na LPT sa séú bhliain d’fheidhmiú an phlean teanga, mar shampla, agus i gceantair eile níltear ach ag tús an phróisis

Is féidir súil a chaitheamh ar na pleananna teanga atá ceadaithe go dtí seo anseo.

An Phleanáil Teanga lasmuigh den Ghaeltacht

Chomh maith leis na 26 LPT agus na trí BSG Gaeltachta, tá 13 bhaile taobh amuigh den Ghaeltacht atá suite gar don Ghaeltacht ar féidir leo aitheantas a bhaint amach mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Tá cúig cheantar eile lasmuigh den Ghaeltacht atá aitheanta mar Líonraí Gaeilge; tá trí cheantar aitheanta ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó dheas agus tá dhá cheantar sna sé chontae.

Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as comhordú an phróisis phleanála teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht ar fáil ar Ghaelphobal

Príomhphointí

  • Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga agus 16 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta fógartha ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. 
  • Beidh deis ag eagraíochtaí sna ceantair sin iarratas a chur faoi bhráid Údarás na Gaeltachta le plean teanga comhtháite a ullmhú. Bíonn an tÚdarás freagrach as ceanneagraíocht pleanála teanga i ngach Limistéar Pleanála Teanga agus Baile Seirbhíse atá suite taobh istigh den Ghaeltacht a roghnú le plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.  Roghnaítear an eagraíocht is fearr a léiríonn a gcumas chun úsáid na Gaeilge a mhéadú sa phobal. 
  • Beidh tréimhse suas le 2 bhliain ag na heagraíochtaí a roghnaítear chun pleananna teanga a ullmhú. Cabhraíonn an tÚdarás leis na heagraíochtaí na pleananna seo a ullmhú. Is é an cuspóir a bhíonn ag na pleananna seo ná cur le húsáid na Gaeilge chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí. 
  • Tar éis don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán measúnú a dhéanamh ar na pleananna i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga atá foilsithe, déanann an tAire iad a fhaomhadh faoin Acht agus aithnítear na limistéir mar Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta agus na bailte mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. 
  • Bíonn tréimhse seacht mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna a chur i bhfeidhm. 
  • Déanann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na seacht mbliana sin. 
  • Bíonn tacaíocht, comhairle agus treoir ar fáil ó Údarás na Gaeltachta do na ceanneagraíochtaí leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. 
  • Bíonn na ceanneagraíochtaí ag comhoibriú le struchtúir pobail a bhfuil ról lárnach acu i gcaomhnú agus i neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht, struchtúir ar nós Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo., na n-ionad cúraim leanaí, Mhuintearas Teo., Ealaín na Gaeltachta Teo, eagraíochtaí forbartha pobail, coistí agus cumainn dheonacha mar aon leis na hIonaid Seirbhísí Teanga. 

 

Pleananna Teanga Ceadaithe