Aonad 1K

Páirc Ghnó an Daingin
Co. Ciarraí
V92 TX48

Map

Sonraí:

Tá ráta cíosa réasúnta ar an aonad oifige seo (€6,303.36/bliain gan CBL san áireamh) ina bhfuil spás mór oifige le hachar iomlán 96.55m2. Tá an t-aonad seo lonnaithe díreach taobh le Daingean Uí Chúis i bPáirc Ghnó an Daingin,Co.Ciarraí Eircód V92TX48. San áireamh san aonad seo, tá spás mór oifige, seomra beag cistine, seomra oifige aonarach, leithreas, soláthar leathan de shoicéid agus tarrac ar spásanna páirceála príobháideach. Chomh maith leis sin tá caighdeán maith leathanbhanda ar fáil (40Mb/s ar an meán).

 

Léirithe Spéise:

Tá an t-aonad ar fáil ar léas do ghnóthaí incháilithe. Déanfar measúnú ar phleananna gnó, a thagann le cuspóirí ginearálta forbartha an Údaráis agus a thacóidh le forbairt deiseanna fostaíochta agus seirbhísí nua i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Déan teagmháil linn chun moltaí imlíneacha a phlé nó chun breis eolais a fháil. Is féidir an t-aonad a chur in oiriúint go héasca chun freastal ar na riachtanais ar leith a bheadh ag an tionscadal.

Teagmháil

    Glaoigh ar (066) 915 0100