
Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go mbeidh catagóir speisialta nua ag Gradaim Náisiúnta, SMEDIAS 2026 (The National Student Media Awards), Cruthaitheoir Ábhair Gaeilge na Bliana.
Tugann na gradaim mhór-le-rá seo aitheantas náisiúnta do mhic léinn ar fud na hÉireann a léiríonn caighdeán agus nuálaíocht ina gcuid oibre sna meáin.
Bronnfar gradam Cruthaitheoir Ábhair Gaeilge na Bliana ar an gcruthaitheoir ábhair is fearr a léirigh tiomantas leanúnach don Ghaeilge ar aon ardán digiteach nó meán ó mhí Feabhra 2025 i leith. Díríonn an catagóir seo ar dhaoine aonair a chruthaigh ábhar nuálach, tarraingteach agus ar ardchaighdeáin trí Ghaeilge go rialta agus go seasta. Ní mór doncruthaitheoir a bheith mar mhac léinn atá lonnaithe in Éirinn.
Léiríonn urraíocht Údarás na Gaeltachta a dtiomantas buan don Ghaeilge a chur chun cinn i measc an aosa óig agus sa spás digiteach.
Ag labhairt faoin urraíocht, dúirt Miriam Ní Néill, ó Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta:
"Tá an Ghaeilge beo ar na hardáin dhigiteacha agus is iad na cruthaitheoirí óga atá á coinneáil beo. Tá glúin Gen Z agus Gen Alpha ag casadh ó theilifís thraidisiúnta agus tá siad ar YouTube, ar TikTok, ag cruthú, ag roinnt agus ag tógáil pobail trí mheán na Gaeilge. Sin é an fáth a bhunaíomar an catagóir nua seo, chun a chur in iúl go soiléir do na cruthaitheoirí sin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tacú leo agus go bhfuil meas agus luach ar a gcuid oibre."
Is ócáid thábhachtach ar féilire na mac léinn iad na Gradaim Náisiúnta seo, a thugann aitheantas d'obair chrua na mac léinn i bhfoilseacháin, ar raidió, ar theilifís, na meáin shóisialta agus sa scannánaíocht.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh, téigh i dteagmháil le SMEDIAS anseo. National Student Media Awards 2026 | Apply for SMEDIAS 2026