
Is mian le hÚdarás na Gaeltachta a dhíoma, míshástacht agus imní ollmhór a léiriú faoin scéal tráthnóna go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Iompair conradh úr le Emerald Airlines ina bhfuil socruithe agus sceideal eitilte leasuithe a chur i gcrích do bhealach PSO Dhún na nGall-Baile Átha Cliath.
Is seirbhís ríthábhachtach do phobal Gaeltachta Dhún na nGall í an tseirbhís eitilte PSO seo le blianta fada anuas agus seirbhís ar éirigh go maith léi go dtí seo. Is seirbhís chriticiúil í ó thaobh chúram sláinte, atá ina ghné lárnach d’fhorbairt pobail ar bith, nuair nach bhfuil an cúram sláinte sin ar fáil dár bpobal sa chontae. Tá ról lárnach ag an tseirbhís i gcur chun cinn na fiontraíochta, i bhforbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht agus mórán eile - is gné dílis í le blianta fada de thairiscint fhorbartha an Údaráis agus infheistíocht á mealladh isteach go dtí iarthuaisceart Dhún na nGall.
Is údar imní tromchúiseach dúinn go ndéanfaidh an mhalairt socruithe maidir le lonnú an eitleáin thar oíche agus gan na heitiltí isteach agus amach a bheith ar fáil i lár an lae feasta dochar ollmhór don nascacht le Gaeltacht Dhún na nGall. Is baol go mbeidh tionchar tubaisteach ag an chinneadh seo ar mhealltacht, ar infreastruchtúr agus ar áiseanna an cheantair mar áit chónaithe, mar láthair ghnó agus mar cheann scríbe turasóireachta, gur céim mhór ar gcúl í do phobal na Gaeltachta má chuirfear na socruithe úra seo i bhfeidhm.