Beagnach 10,000 fostaithe i gcliant chomhlachtaí an Údaráis agus 214 folúntas le líonadh

6 Feabhra, 2026

nóiméad léite

Seoladh Ráiteas Deireadh Bliana Údarás na Gaeltachta agus fógra go bhfuil tairiscintí á lorg le haghaidh tógáil Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán Launch of Údarás na Gaeltachta’s end of year report and Minister’s announcement of Education and Youth Centre in Indreabhán going to tender

Ráiteas Deireadh Bliana 2025  Tuarascálacha Bliantúla agus Ráitis | Foilseachán | Faoin Údarás | Údarás na Gaeltachta

Nach chuig 214 Folúntas: Folúntais – Eanáir 2026 | Údarás na Gaeltachta

D'eisigh Údarás na Gaeltachta, Ráiteas Deireadh Bliana 2025 inniu (6 Feabhra 2026), rud a chuireann béim ar fás, infheistíochta straitéisigh agus dul chun cinn leanúnach i neartú na fiontraíochta, an phobail agus na Gaeilge ar fud réigiúin Gaeltachta.

I measc na bpríomhghnéithe tá:

681 post nua a cruthaíodh i gceantair Ghaeltachta in 2025 9,716 duine fostaithe i gcliaint chomhlachtaí an Údaráis Díolacháin os cionn €1 billiún don dara bliain as a chéile €697 milliún in easpóirtáil agus €570m i gcaiteachas díreach i nGeilleagar na hÉireann €38.1 milliún faighte faoin gCiste Nuálaíochta (DTIF) Infheistíocht os cionn €18 milliún ceadaithe do thionscadail chaipitil Ghaeltachta 28 Plean Teanga tacaithe le €3.9 milliún maoinithe 585 coibhéis lánaimseartha post i bhfiontair shóisialta 436 duine fostaithe thar 29 mol digiteach gteic €1.4 milliún infheistithe in oiliúint agus i bhforbairt scileanna

Fiontraíocht agus Fostaíocht

Shroich díolacháin chomhlachtaí cliant Údarás na Gaeltachta breis agus €1 billiún don dara bliain as a chéile; rud a léiríonn láidreacht agus rathúlacht idirnáisiúnta na bhfiontar atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

In 2025, cruthaíodh 681 post nua, rud a thug líon iomlán na fostaíochta go 9,716 thar sheacht gcontae. Léiríonn na 214 folúntas a bhí ann ag deireadh na bliana an t-éileamh leanúnach ar thalann oilte.

Fuair comhlachtaí cliant an Údaráis €38.1 milliún faoi Ghlao 7 DTIF. San iomlán, tá os cionn €70 milliún faighte acu do thaighde thar 14 thionscadal.

Nuálaíocht Dhigiteach agus AI

Tá líonra gteic anois ag 29 mol, ag tacú le 436 duine ag obair agus ag cur 867 spás oibre ar fáil. Osclófar dhá mhol eile in 2026.

Leanadh ar aghaidh le forbairt AI don Ghaeilge. Foilsíodh plean náisiúnta agus tá obair ar siúl le taighdeoirí i gColáiste na Tríonóide, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil na Gaillimhe agus le Mozilla Common Voice agus Data Collective. Tá tionscadal tástála ann le teicneolaíocht cainte - chun seirbhísí poiblí le hAI a fhorbairt i nGaeilge.

Forbairt Phobail

Tugadh €7.375 milliún do 33 grúpa forbartha pobail ar fud na Gaeltachta in 2025.

Léirigh taighde go bhfuil ról láidir eacnamaíoch ag fiontar sóisialta. Cuireann siad €21.53 milliún leis an eacnamaíocht gach bliain agus tacaíonn siad le 585 post lánaimseartha.

Rinneadh dul chun cinn ar thithíocht freisin. Ceapadh Comhairleoir Tithíochta speisialta agus cuireadh riachtanais tithíochta na Gaeltachta san áireamh go hoifigiúil i bPlean Tithíochta 2025 an Rialtais.

Pleanáil Teanga

In 2025, cuireadh 28 Plean Teanga i bhfeidhm i 26 Limistéar Pleanála Teanga agus i dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Fuair siad €3.9 milliún i maoiniú agus bhí 33 Oifigeach Pleanála Teanga ag obair leo.

Seoladh an Scéim Forbartha Gaeilge do chomhlachtaí móra. Faoi dheireadh na bliana, bhí 15 comhlacht cláraithe leis an scéim agus 1,139 duine ag obair iontu. Cabhraíonn an scéim le níos mó Gaeilge a úsáid san ionad oibre agus nascann sí an teanga le gnó.

Foilsíodh athbhreithniú iomlán ar an bpróiseas pleanála teanga ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta. Tá maoiniú leanúnach deimhnithe go dtí 2027 chun an córas a choinneáil cobhsaí agus chun é a fheabhsú.

Turasóireacht agus Infheistíocht Chultúrtha

Tugadh €4 mhilliún d'ionaid nua do chuairteoirí ar Oileáin Árann agus ar Oileán Chléire, in éineacht le Fáilte Ireland. Tá Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna beagnach críochnaithe anois.

Fuair Geopark Dhúiche Sheoighe agus na Lochanna Thiar stádas Geopark Domhanda ó UNESCO. Chruthaigh an earnáil closamhairc 460 post agus chuir sé €4 mhilliún isteach in eacnamaíocht na Gaeltachta.

Oideachas agus Oiliúint

Caitheadh €1.4 milliún ar oiliúint agus ar fhorbairt scileanna in 2025.

Tá 152 duine anois ar an Scéim Printíseachta, méadú mór ón mbliain roimhe. Lean an clár céimithe GAIRM ar aghaidh i gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Cuireann sé socrúchán oibre le cáilíocht iarchéime Leibhéal 9.

Thug an clár fiontraíochta CUMASÚ tacaíocht do 40 ban fiontraí ón nGaeltacht i mbliana. Is cuid é seo de chlár trí bliana a thabharfaidh tacaíocht do suas le 150 duine.

Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD

“Tréaslaím le hÚdarás na Gaeltachta as bliain ráthúil eile.  Is éacht suntasach é beagnach 10,000 duine a bheith fostaithe i gcliantchomhlachtaí na heagraíochta agus díolacháin de €1 billiún a bhaint amach don dara bhliain as a chéile.  Ní tharlódh sé seo gan obair straitéiseach a bheith déanta ag an eagraíocht thar thréimhse fada.  Bhí ról lárnach ag an eagraíocht chomh maith sa phróiseas pleanála teanga anuraidh, ról a bheidh le leathnú amach i 2026 le scéimeanna nua le fógairt chun an phleanáil teanga a neadú isteach i gcúrsaí gnó na Gaeltachta.”

Duirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Léiríonn torthaí 2025 éifeachtacht ár gcur chuige maidir le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus teanga.  Tá áthas orm fás fostaíochta a fheiceáil taobh le forbairtí suntasacha i réimsí mar theicneolaíocht AI don Ghaeilge agus forbairt pobail.  Tá sé riththábhachtach go leanann muid ag cuthú deiseanna i bpobail Ghaeltachta a chuireann le todhchaí inbhuanaithe dond teanga agus don chultúr.”

Dúirt Cathaoirleach an Bhoird, Siobhán Ní Ghadhra:

"Is é príomhchuspóir an Údaráis pobail a chothú ina labhraítear an Ghaeilge gach lá. Taobh thiar de gach uimhir sa tuarascáil seo tá daoine a bhfuil grá acu don Ghaeltacht agus atá tiomanta dá todhchaí. Tá muid ag tacú le fiontraithe atá ag cur gnó ar bun, agus ag cruthú deiseanna nua. Bhí fás iontach againn in 2025, agus ba mhaith liom moladh a thabhairt d'fhoireann an Údaráis as obair den scoth."