
Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (LCDC), a fhógairt go bhfuiltear ag glacadh le Léirithe Suime (EOIs) anois do thionscadail i leith Féilte Pobalbunaithe faoi Chlár LEADER.
Tá an tionscnamh seo mar chuid de thiomantas foriomlán le pobail tuaithe a threisiú agus le tacú leis an gheilleagar áitiúil. Tá na deontais seo ar fáil le cuidiú le pobail féilte inbhuanaithe d’ardchaighdeáin a fhorbairt a chothaíonn pobail tuaithe, a chuireann siamsaíocht sóisialta agus cultúrtha ar fáil do na pobail agus do chuairteoirí agus a chuidíonn le forbairt an gheilleagair i nGaeltacht Dhún na nGall.
Dúirt Micheal Mac Giolla Easbuig, Ceannasaí Réigiúnach, Údarás na Gaeltachta “Tá sé mar aidhm faoin mhaoiniú seo tacú le pobail tuaithe i nGaeltacht Dhún na nGall raon níos leithne imeachtaí cultúrtha agus siamsaíochta a spreagadh. Táthar ag súil níos mó daoine a mhealladh chuig Gaeltacht Dhún na nGall mar thoradh air seo agus an geilleagar áitiúil a threisiú, rud a rachaidh chun tairbhe do phobail ar fud an réigiúin."
Is féidir le hiarratasóirí ar spéis leo foirm leiriú suime a lorg trí ríomhphost a sheoladh chuig leaderdnag@udaras.ie. Is é Dé hAoine 13 Feabhra 2026 @5i.n. an dáta deiridh le foirm léiríu suime a fháil faoin nglao spriocdhírithe seo.
Is féidir tuilleadh eolais faoin Chlár LEADER 2023-2027 a fháil anseo, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig: leaderdnag@udaras.ie.
Gach Eolas:
Clár LEADER,
Údarás na Gaeltachta,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Co. Dhún na nGall.
Éirchód: F92 E09T
Tel: 074 9560100 Email: leaderdnag@udaras.ie