Tionscnamh Meaitseála Nua Mara le dlús a Chur le Nuálaíocht san Earnáil Mhara

Tá tionscnaimh á fhógairt ag Nua Mara a nascfaidh comhlachtaí san earnáil mhara le saineolaithe taighde, teicneolaíochta agus nuálaíochta ar fud an domhain.

16 Eanáir, 2026

nóiméad léite

Tá tionscnaimh á fhógairt ag Nua Mara a nascfaidh comhlachtaí san earnáil mhara le saineolaithe taighde, teicneolaíochta agus nuálaíochta ar fud an domhain. 

Dearadh an Clár Meaitseála Tionscal-Taighde chun an bhearna idir taighde acadúil agus feidhmiú tionsclaíoch a dhúnadh – ceann de na dúshláin is mó atá roimh fhorbairt an gheilleagair ghoirm in Éirinn. 

Cén Fáth a bhfuil sé seo Tábhachtach? 

Is léir go bhfuil féidearthachtaí ollmhóra ag baint le hearnáil mhara na hÉireann. Tá ceann de na limistéir mhuirí is mó san Eoraip againn, ach níl ach sciar beag den luach eacnamaíoch á bhaint amach againn go fóill. Ceann de na fáthanna is mó leis sin ná go mbíonn deacracht ag comhlachtaí teacht ar an saineolas ceart ag an am ceart. 

“Feicimid go minic comhlachtaí atá ag iarraidh fás agus nuálaíocht a dhéanamh, ach níl a fhios acu cé atá ag obair ar na réitigh a theastaíonn uathu," a dúirt Máire Ní Éinniú, Ceannasaí Nua Mara. "Ag an am céanna, tá taighdeoirí ann a chaith 10, 15 bliain nó níos mó ag obair ar thaighde iontach – ach tá sé ina luí ansin gan aon úsáid tráchtála á baint as. Tá an saineolas ann, tá na réitigh ann, ach níl an dá thaobh ag caint lena chéile. Sin é go díreach an fhadhb atá an clár seo ag iarraidh a réiteach – an taighde sin a tharraingt amach agus na daoine cearta a chur ag comhrá lena chéile.” 

Tábhacht don Ghaeltacht 

Mar chuid den togra seo, beidh an clár seo ina acmhainn luachmhar do phobail chósta na Gaeltachta. "Tá traidisiún fada ag muitir na háite seo san iascaireacht agus sa dobharshaothrú," a dúirt Ní Éinniú. "Tá an clár seo ag iarraidh a chinntiú go mbeidh na pobail seo in ann leas a bhaint as an nuálaíocht is déanaí agus iad ag forbairt a ngnólachtaí féin." 

Conas a Oibreoidh Sé? 

Beidh bunachar sonraí saineolais á chruthú ag Nua Mara ina mbeidh: 

  • Taighdeoirí acadúla ó ollscoileanna agus institiúidí taighde 
  • Forbróirí teicneolaíochta atá ag obair ar réitigh nua 
  • Speisialtóirí IS agus sonraí le feidhmchláir mhara 
  • Innealtóirí agus comhairleoirí le taithí san earnáil 
  • Gnólachtaí nuathionscanta le teicneolaíochtaí nuálacha 

Nuair a bhíonn dúshlán nó deis ag cuideachta, cuardóidh Nua Mara an bunachar chun na saineolaithe is oiriúnaí a aimsiú agus an nasc a dhéanamh. 

Réimsí Tosaíochta 

Tá an clár dírithe ar na réimsí is tábhachtaí d'fhorbairt na hearnála mara in Éirinn: 

  • Teicneolaíocht uisceshaothraithe agus nuálaíocht beatha 
  • Intleacht shaorga agus teicneolaíocht dhigiteach 
  • Innealtóireacht mhara agus dearadh trealaimh 
  • Inbhuanaitheacht agus an geilleagar ciorclach 
  • Forbairt gnó agus straitéisí margaidh 

Saineolaithe á lorg  

Tá Nua Mara ag tabhairt cuireadh do shaineolaithe ar fud an domhain clárú anois. Tá fáilte roimh: 

  • Taighdeoirí le taithí san earnáil mhara nó réimsí gaolmhara 
  • Forbróirí teicneolaíochta le réitigh a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm san earnáil mhara 
  • Comhairleoirí le scileanna ábhartha 
  • Gnólachtaí nuathionscanta le teicneolaíochtaí nuálacha 

Conas Clárú 

Is féidir le saineolaithe clárú tríd an fhoirm seo líonadh agus a sheoladh chuig maire@midc.ie 

Faoi Nua Mara 

Is é Nua Mara – Ionad Nuálaíochta Mara na hÉireann – croílár nuálaíochta mara na tíre, lonnaithe i gCarna, Co. na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag Nua Mara borradh a chur faoin ngeilleagar gorm trí thacaíocht a thabhairt d'fhiontair mhara, taighde a chur chun cinn, agus naisc a chruthú idir tionscal, taighde agus pobal.