
Tá Údarás na Gaeltachta ag fógairt torthaí tábhachtacha ón anailís ar an earnáil fhiontar shóisialta ar fud na nGaeltachtaí, a léiríonn go bhfuil an earnáil seo ina bunchloch láidir don gheilleagar áitiúil.
Rinne Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste an taighde thar ceann an Údaráis, mar chuid den togra Eorpach, EmpowerUs.
Tá fiontair shóisialta sna Gaeltachtaí ag cruthú jabanna agus ag cur le saol na bpobal ar bhealach suntasach:
Cé go bhfuil líon níos lú fiontar shóisialta sa Ghaeltacht ná in áiteanna eile, tá siad níos brabúsaí.
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail & Teanga, Údarás na Gaeltachta:
"Fágann oidhreacht láidir na gcomharchumann sa nGaeltacht go bhfuil bunchloch daingean fiontair shóisialta againn a chuireann slí mhaireachtála ar fáil sna pobail sin, a chuireann leis an ngeilleagar áitiúil agus a fhreastalaíonn ar riachtanais éagsúla an phobail.
Tá Straitéis Forbartha Fiontar Shóisialta dhá fheidhmiú againn mar go n-aithnímid an gá an earnáil seo a neartú tuilleadh, go háirithe maidir le tacaíocht theicniúil agus forbairt cumas."
Mar chuid den tionscadal EmpowerUs, tá lámhleabhar nua 'ASSETS', cruthaithe don Údarás chun cabhrú le fiontair shóisialta nua tosú. Clúdaíonn sé cúig réimse tábhachtach: sócmhainní, straitéis, oibríochtaí, rialachas agus airgeadas.
Eagraíodh cuairteanna chomh maith chuig Alba agus Dún na nGall chun foghlaim ó thionscadail eile atá ag éirí go maith leo.