Údarás na Gaeltachta ag tacú le hOxygen Research Institute le Deontas €307,350

15 Nollaig, 2025

nóiméad léite

Screenshot

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta fógairt go bhfuil deontas €307,350 ceadaithe do Oxygen Research Institute Ltd (ORIL) chun tacú le fás suntasach a ngnó sláinte agus folláine ó oifigí an chomhlachta i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe. 

Cuirfidh an maoiniú seo, atá comhdhéanta de dheontas fostaíochta agus deontas bailíochta do mhargaí nua, ar chumas an chomhlachta a fhoireann a mhéadú thar thréimhse trí bliana agus 12 phost nua a chur ar fáil sa Ghaeltacht. 

Cruthófar na 12 phost nua i réimsí éagsúla lena n-áirítear innealtóireacht bogábhair, forbróireacht bogábhair, margaíocht, acmhainní daonna agus bainistíocht tionscadal. Tacóidh an deontas fostaíochta le straitéis fáis agus scálaithe an chomhlachta. 

Is sampla iontach é ORIL de ghnó nuálach bunaithe sa Ghaeltacht atá ag feidhmiú go rathúil ar an ardán domhanda. Bunaíodh an comhlacht i 2015 agus tá sé ag feidhmiú anois i níos mó ná 50 tír, ag freastal ar mhargaí tábhachtacha i Meiriceá Thuaidh, Mór Roinn na hEorpa, an Ríocht Aontaithe agus san Astráil. 

Faoin deontas bailíochta do mhargaí nua, tá sé beartaithe ag ORIL taighde margaíochta a dhéanamh bunaithe ar téip nua béil a fhorbairt d'úsáideoirí an meaisín CPAP (Continuous positive airway pressure) don mhargadh Meiriceánach. Seo réiteach nuálach ar fhadhb a bhaineann le milliúin duine a fhuilingíonn ó apnea codlata.  

Dúirt Miriam Ní Neill ó Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta.  

"Is sampla den scoth é ORIL don éacht is féidir a bhaint amach nuair a chomhcheanglaítear nuálaíocht, saineolas agus tiomantas. Tá áthas orainn tacú leis an gcomhlacht seo atá ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Léiríonn an infheistíocht seo tiomantas Údarás na Gaeltachta do ghnólachtaí atá ag forbairt táirgí agus seirbhísí nuálacha." 

Dúirt Patrick McKeown, Príomhfheidhmeannach  ag Oxygen Research Institute Ltd: 

" Tá todhchaí gheilleagar na hÉireann i bhfiontraíocht dhúchais – i ngnólachtaí áitiúla a thugann obair do mhuintir na háite agus a dhéanann gnó ar fud an domhain. Anseo ag OxygenAdvantage.com, MyoTape.com, agus ButeykoClinic.com, cuideachta seirbhísí agus táirgí análaithe agus codlata sinn atá suite i nGaeltacht Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe. Cé go bhfuilimid bunaithe anseo, tá daoine ar fud an domhain ag baint úsáide as ár gcuid oibre. 

Is mór againn an tacaíocht a fháil ó Údarás na Gaeltachta agus muid ag leathnú ár seirbhísí, ag dul i mbun margaí nua, agus ag cruthú níos mó fostaíochta sa cheantar. Tugann a gcúnamh an muinín dúinn fás a dhéanamh agus muid ag fanacht dílis don phobal a sheas linn riamh. " 

Aithnítear go domhanda anois an tábhacht atá le hanálú éifeachtach chun tacú le sláinte agus codladh an duine, agus tá ORIL i gcroílár na forbartha seo le breis is scór bliain.