Dea-Scéal don Spidéal: Beidh aon dhuine dhéag fostaithe go lánaimseartha i gcomhlacht nua innealtóireachta

8 Nollaig, 2025

nóiméad léite

Engineer technician designing drawings mechanical parts engineering Engine manufacturing factory Industry Industrial work project blueprints measuring bearings caliper tools

Fógraíodh inniu go mbunófar comhlacht nua innealtóireachta agus déantúsaíochta sa Spidéal áit a mbeidh aon dhuine dhéag fostaithe go lánaimseartha sa chéad bhliain, le tuilleadh fostaíochta beartaithe sna blianta ina dhiaidh sin.

Tá Larkin Engineering ag bunú Innealtóireacht & Déantúsaíocht Teoranta (IDT) ar an láthair a bhí ag Innill Dóiteáin Teoranta, comhlacht a d'oibrigh ann ar feadh breis is dhá scór bliain sula ndearnadh é a leachtú i mí Aibreáin 2025.

"Tá muinín iomlán againn as taithí agus tiomantas Larkin Engineering, agus táimid ag súil le comhoibriú leo chun an gnó seo a fhorbairt agus a neartú sna blianta atá romhainn," a dúirt Noreen Breathnach ó Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta.

Le linn phróiseas leachtaithe Innill Dóiteáin Teoranta, d'éirigh le Larkin Engineering cuid mhaith d'innealra agus sócmhainní an chomhlachta a cheannach ag ceant poiblí, rud a chuirfidh ar a gcumas tosú ag feidhmiú láithreach.

Cuirfidh an comhlacht le fás eacnamaíoch áitiúil agus le forbairt scileanna agus nuálaíochta i nGaeltacht Chonamara, le tuilleadh earcaíochta beartaithe ón dara bliain ar aghaidh.