
Táthar tar éis comhpháirtíocht nua a shíniú chun borradh a chur faoi chomhoibriú ar fhás an gheilleagair, forbairt an phobail agus caomhnú an chultúir i limistéir Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban.
Os comhair an Leas-Chéad-Aire Kate Forbes in Alban a síníodh meabhrán tuisceana idir Iomairt na Gàidhealtachd ’s nan Eilean (Fiontair na Gaeltachta agus na nOileán nó an HIE) agus Údarás na Gaeltachta, agus ag an am céanna le síniú an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an TD Dara Calleary, agus Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin.
Is é is aidhm don chomhaontú comhoibriú a neartú i bpríomhréimsí amhail an intleacht shaorga, an tithíocht, an turasóireacht, an fhorbairt teanga agus an fuinneamh in-athnuaite chun tacú le fás leanúnach na Gàidhlig ar fud na hAlban.
Tá Údarás na Gaeltachta i gceannas ar chur chun cinn eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha réigiúin Ghaeltachta na hÉireann, a bhfuil cáil orthu de bharr a saibhris teanga agus oidhreachta cultúrtha. Trí thionscnaimh a thacaíonn le gnólachtaí, fiontraíocht agus bonneagar áitiúil, oibríonn an eagraíocht chun fás an gheilleagair a chothú agus an Ghaeilge a chaomhnú.
Dúirt stiúrthóir an HIE um oibríochtaí ceantair Joanna Peteranna:
“Is den ríthábhacht fás an gheilleagair, caomhnú an chultúir, forbairt na teanga agus cruthú na fostaíochta ó thaobh fhorbairt mharthanach Ghaeltacht na hÉireann agus Ghàidhealtachd agus Oileáin na hAlban de. Agus tábhacht na Gàidhlig d’fhéiniúlacht agus gnáthshaol ár réigiúin á haithint againn, táimid tiomanta dá caomhnú agus dá cur chun cinn.
“Láidríonn an chomhpháirtíocht seo ár gcomhdhúthracht i leith na forbartha réigiúnaí, a mbeidh deiseanna nua á gcur ar fáil agus rathúnas marthanach á áirithiú dá barr.”
Dúirt an Leas-Chéad-Aire Kate Forbes:
“Beidh an comhaontú seo ina chabhair ag pobail thraidisiúnta an dá theanga chun foghlaim óna chéile agus bearta nua a chur chun tosaigh ar mhaithe lena mbláthú féin.
“Bíonn pobail níos saibhre de bharr na Gàidhlig, a bhfuil ról lárnach aici inár gcuid staire, oidhreachta agus cultúir.
“Chun tacú le fás na Gàidhlig, tá £5.7m sa bhreis á gcur ar fáil ag Rialtas na hAlban i mbliana do thionscnaimh a bhaineann leis an teanga.”
D’fháiltigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an TD Dara Calleary, roimh shíniú an chomhaontaithe agus dúirt:
“Ag tógáil ar na dlúthnaisc stairiúla idir Éirinn agus Albain, is ionann síniú an chomhaontaithe seo agus neartú breise ar chaidreamh an dá náisiún.
“Agus é mar fhorlíonadh agus treisiú ar an gComhaontú Trádála Déthaobhach Comhpháirteach idir rialtais na hÉireann agus na hAlban, rachaidh an comhaontú seo chun tairbhe do phobail Ghaeltacht na hÉireann agus Ghàidhealtachd agus Oileáin na hAlban sna blianta amach romhainn.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:
“Is cúis ríméid dúinn an comhaontú comhpháirtíochta seo a fhógairt, a gcothófar an comhoibriú ar réimsí comhthosaíochta, a gcruthófar buntáistí don dá thaobh agus a gcuirfear an fhorbairt réigiúnach chun cinn ar fud ár bpobal faoi seach mar thoradh air. Ní hamháin go malartóimid torthaí ar thaighde agus samhlacha dea-chleachtais atá dírithe ar chur chun cinn chaomhnú agus fhás na teanga tríd an tionscnamh seo, agus é bunaithe ar chur chuige nuálaíoch gnó agus fiontair shóisialta, ach pléifimid leis an IS sa Ghaeilge agus sa Ghàidhlig mar aon le tionscnaimh fuinnimh in-athnuaite agus turasóireachta cultúrtha freisin.”
-CRÍOCH-